Féile an Phobail: 25 bliain ag fás

Féile an Phobail - 25 Bliain
Féile an Phobail - 25 Bliain

Gearóid Ó Muilleoir

Níl sé furasta Béal Feirste an lae inniu a chur taobh le taobh leis an chathair ceathrú céid bliain ó shin.

An áit chéanna atá ann anois, an mhuintir chéanna atá ann. Ach tá an tseanchathair mar a bheadh droch-chuimhne ann ar shaol eile ar fad.

Corr-uair tugann clár teilifíse siar chuig 1988 muid. Agus tá an t-idirdhealú leis an lá inniu chomh soiléir leis an ghrian.

Bhíodh an t-anró ann, an choimhlint, an bás.

Ach is iontach spiorad an chine dhaonna, agus is minic gur ag an phointe is ísle a thagann an smaoineamh is uaisle.

I nduibheagán na bliana 1988 a cruthaíodh féile ina bhfuil 100,000 duine páirteach inti an tseachtain seo. Iad uilig ag baint suilt as cathair nach bhfuil aon rian inti den fhearg agus den eagla a bhí i réim 25 bliain ó shin.

Is diaidh ar ndiaidh a tharla an t-athrú sin, mar aon, ar bhealach, leis an phróiseas síochána. Ní raibh aon cheangal oifigiúil idir an fhéile agus cúrsaí móra polaitíochta, ach ní sin le rá go raibh an fhéile neamhpholaitiúil.

Bhí an fhéile á ceiliúradh i sráideanna cúnga an iarthair agus bhí sí ina híomhá scátháin ar mhothúcháin an phobail sin.

Má tá staraí ar bith ag iarraidh na hathruithe a tháinig ar phobail iarthar Bhéal Feirste a thuigbheáil, ní gá ach dhul níos faide ná an fhéile féin.

Ag an tús bhí an fhéile taobh amuigh den chóras, mar a bhí pobal iarthar Bhéal Feirste féin. Bhí sí gan phingin rua agus ag bráth ar mhuintir gach ceantair le féilte sráide a reáchtáil.

Bhí baghcat á dhéanamh ag an phobal ar na húdaráis stáit agus bhí an stát breá sásta dearmad a dhéanamh ar an cheantar.

Mar a deir an chéad chomhordaitheoir ar an Fhéile, Mícheál Mac Giolla Gunna atá anois ina phríomhoide ar Choláiste Feirste, ba sheift í an fhéile le daoine a thabhairt ar shiúl ó na tinte cnámha, a lasadh ar an ochtú lá de Mhí Lúnasa mar chomóradh ar an Imtheorannú.

“Bhí bithiúnaigh ag déanamh trioblóide i gcónaí, ag cur isteach ar mhuintir na háite, ag caitheamh clocha ar shaighdiúirí agus ag cur i gcéill gur rud polaitiúil a bhí ann nuair nach raibh. Tháinig roinnt daoine le chéile – Gearóid Mac Ádhaimh in a measc – agus é ar intinn acu cultúr an phobail a chur os comhair an domhain in áit an drochiompair.”

Mar sin ó cuireadh Féile an Phobail ar bun, bhí cúrsaí polaitíochta fite fuaite le spórt agus spleodar. Má bhí tús áite ag cúrsaí polaitíochta i saol mhuintir an tuaiscirt, ba í iarthar Bhéal Feirste ceanncheathrú na díospóireachta.

Ach ní raibh sé furasta. Bhí eagla ar dhaoine theacht go dtí an tIarthar.

“Ní raibh muid ábalta ach beirt daoine aitheanta a mhealladh ag an tús – Brush Sheils agus Robert Ballagh. Bhí muid iontach buíoch gur sheas an bheirt sin an fód linn,” a deir Mícheál.

“Ní raibh na Gaeil sásta a bheith páirteach fiú! Bhí muid ag iarradh ar ghrúpaí a gcuid siamsaíochta féin a eagrú, agus chuirfeadh muid sa chlár é. Ba scáthghrúpa muid fá choinne féilte beaga a bheadh ag tarlú ar na sráideanna. Ach shíl Gaeilgeoirí an cheantair an chéad bhliain sin gur ag feadaíl in aghaidh na gaoithe a bhí muid.

“Ceann de na rudaí nach n-aithníonn mórán daoine anois gur phobal úr é pobal iarthar Bhéal Feirste. Caoga bliain ó shin ní raibh sé ann, taobh amuigh de Bhóthar na bhFál. Mar sin bhí muid ag cruthú rud úr in áit úr, agus tá an úire sin le sonrú go fóill inniu sa cheantar le tograí ar nós na Ceathrún Gaeltachta, go bhfuil an pobal ag fás agus ag forbairt i rith an ama.”

Bhí ceannródaithe pobail ann a chloígh leis an fhéile nuair nach raibh sé i mbéal an phobail mhóir taobh amuigh, leithéidí Terry Enright agus Séamus Mac Seáin. Agus ansin i ré na síochána, tháinig glúin úr díograiseoirí chun tosaigh agus scaipeadh clú Fhéile an Phobail ar fud na hÉireann agus ar fud na hEorpa.

De réir a chéile tháinig na réaltaí ceoil agus siamsaíochta agus tháinig cuairteoirí ón taobh amuigh le blaisiú beag den iarthar a fháil.

Tá Féile an Phobail ina duine fásta anois agus í 25 bliain d’aois. Tháinig athrú uirthi, ach go fóill tá gné uathúil aici nach bhfuil ag féilte eile na cathrach. Ní eagal léi cúrsaí polaitíochta ná díospóireachtaí conspóideacha. Agus tá pobal na Gaeilge lárnach inti le Croí na Féile.

Fiche cúig bliain ó shin, bhí gnólachtaí ag seachaint na Féile. I mbliana tá 71 urraitheoir ann, ina measc na boird turasóireachta thuaidh agus theas, Comhairle an Cathrach agus comhlachtaí móra leanna.

Tá dúshláin úra ag an Fhéile anois nárbh fhéidir a shamhlú 25 bliain ó shin, dúshláin a bhaineann le í a choinneáil ina Féile phobail a bhfuil an cultúr agus an pholaitíocht go smior inti.

Ach ag amharc siar ar an chéad 25 bliain, ní amhras ann gur féidir le muintir Iarthar Bhéal Feirste gach dushlán úr a shárú.

Close
Close