Dul Chun Cinn i nDeisceart an Dúin?

Dul Chun Cinn i nDeisceart an Dúin?

Tháinig deireadh le Scéim Shamhraidh Ghlór Uachtar Tíre na bliana seo i Halla an Phobail Chaisleán Uidhilín Dé hAoine.

D’fhreastail 38 bpáiste ar an Scéim i mbliana, sin thíos ó 50 an bhliain roimhe ach mar sin féin bhí an halla lán do bhronnadh na mbonn agus don cheolchoirm bheag a chan na páistí don slua.

Ba léir gur bhain gach páiste dá raibh i láthair an-sult as an tseachtain spraoi agus ar ndóigh gur fhoghlaim siad go leor Gaeilge.

Féadaim a thuairisciú go raibh idir pháistí agus thuismitheoirí iontach sásta leis an scéim shamhraidh seo.

Glór Uachtar Tíre agus oifigeach forbartha na heagraíochta, Emer O’Hagan, a d’eagraigh an ócáid – is í an eagraíocht chéanna í a eagraíonn Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill ar an bhaile.

Is grúpa deonach, trasphobail, áitiúil é Glór Uachtar Tíre a bunaíodh i 1993 chun Gaeilge a chothú.

Tá Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill ag dul le tamall de bhlianta anuas agus más beag é ó thaobh líon na ndaoine a bhíonn ag freastal uirthi tá éacht déanta aici maidir le saothar Shéamuis a thabhairt chun solais – go háirithe a mhórshaothar, ‘Máire Nic Artáin’.

Is léir ó spléachadh ar leathanach Facebook Ghlór Uachtar Tíre gur i mbun gnímh a bhíonn an chraobh seo seachas a bheith ag caint faoi – an rud is annamh is iontach i saol na Gaeilge – agus cé go bhfuil dream beag láidir Gaeilgeoirí ar an choiste is léir go bhfuil Emer í féin freagrach as bunús na héifeachta sin.

Tá ciorcal comhrá (le linn an tsamhraidh fiú) agus ranganna ag gach leibhéal á n-eagrú chomh maith le cumann siúil gach Satharn – tá an ceantar beannaithe leis na Beanna Boirche agus go leor áiteanna eile lena bheith ag siúl.

Tá grúpaí tachráin agus tuismitheoirí á reáchtáil chomh maith – bíonn an ceann i mBaile Hill plódaithe gach seachtain.

Chomh maith leis na himeachtaí sin go léir tá gaelscoil ar an bhaile a bhfuil an-chlú uirthi agus ar a bhfreastalaíonn go leor páistí atá á dtógáil le Gaeilge – céatadán inchurtha le Bunscoil Naomh Bríde i gCarn Tóchair agus Bunscoil Phobal Feirste de réir mo chuid fiosrúchán neamhfhoirmiúil.

Tá 85 páiste ag freastal ar Bhunscoil Bheanna Boirche, ardú ó 84 an bhliain roimhe.

Tá sruth Gaeilge ar an mheánscoil ar an bhaile, Ardscoil Mhaolmhaodhóg a bhfuil 23 dhalta ag freastal air.

Ar an taobh eile de na Beanna Boirche tá Craobh Boirche Íochtar ag feidhmiú léi agus tá 40 páiste ar an Ghaelscoil i gCill Chaoil, Bunscoil na mBeann, ardú suntasach ó 20 an bhliain roimhe.

Dar le daonáireamh 2011 tá eolas éigin ar an Ghaeilge ag 795 duine as 3337 i gCaisleán Uidhilín (Barda Toghchánaíochta) sin 24% den phobal.

Dar le daonáireamh 2001 bhí eolas éigin ar an Ghaeilge ag 545 duine as 2870 – 19 %, sin ardú suntasach thar deich mbliana.

Ar an taobh eile den scéal áfach, cha bhaineann ach 25 duine úsáid aisti mar phríomhtheanga ar an bhaile seo, mionlach beag bídeach.

Mar an gcéanna le gach áit in Éirinn, tá bearna mhór idir ‘an cúpla focal’ agus an Ghaeilge a úsáid mar phríomhtheanga.

Ach tá go leor dúshlán roimh an Ghaeilge i ndeisceart Uladh faoi láthair.

Tháinig deireadh le Naíscoil Chamlocha ag tús an tsamhraidh, líon na bpáistí ag titim agus droch-fhoirgneamh na fáthanna a luadh liom.

Druideadh Naíscoil an Bhaile Bhoicht ar an Iúr tamall de bhlianta ó shin.

Tá Bunscoil an Iúir ann i dtólamh ach cé gur cathair í an tIúr go hoifigiúil níor tháinig ráth ar an ghaelscoil seo (ó thaobh líon na bpáistí de) riamh – bhí 78 uirthi anuraidh, titim ó 86 an bhliain roimhe.

Tá dianchomórtas idir bunscoileanna ar an Iúr agus tá an-fhonn ar thuismitheoirí go mbainfeadh páistí s’acu áit amach i gceann de na 4 scoil ghramadaí sa chathair – dhá rud é sin a imríonn tionchar ar líon na ndaltaí ar an ghaelscoil.

Tá pleananna uaillmhianacha ann faoi láthair leis an scoil a bhogadh ón áit ina bhfuil sí lonnaithe ar Bhóthar an Phointe go dtí suíomh Chumann Lúthchleas Gael Chorr Fhuinseoige díreach taobh amuigh de Chathair an Iúir i ndeisceart Ard Mhacha.

Saor in aisce a bheadh an suíomh seo a bhuí don Chumann – ach ní cosúil go dtabharfaidh an Roinn Oideachais an t-airgead le teach scoile nua a thógáil agus líon na ndaltaí ag teacht chuig an scoil ag titim.

I nDeisceart Ard Mhacha bhí 111 dalta ag freastal ar Ghaelscoil Phádraig Naofa i gCrois Mhic Lionnáin anuraidh, thuas ó 102 an bhliain roimhe.

Tuigtear dom go bhfuil Gaeilge an-mhaith ag daltaí na scoile seo, páistí iad seo a bhfuil Béarla ó dhúchas acu atá faoi thionchar láidir na Gaeilge go dtí an lá atá inniu ann.

Mar ábhar dóchais agus misnigh do Ghaeil Dheisceart Uladh i gcoitinne, beidh an chéad Éigse Oirialla ar siúl in Ó Méith 2-4 Deireadh Fómhair.

Tá sí á heagrú ag an cheoltóir chlúiteach as an Mhullach Bhán, an Dr. Pádraigín Ní Uallacháin.

Déanfaidh an Éigse athnuachan ar an cheangal a théann i bhfad siar idir Ghaeltacht Thír Chonaill agus Oirialla.

Beidh amhránaithe ón dá cheantar ag teacht le chéile, agus ceoltóirí eile le ceiliúradh a dhéanamh ar amhráin Uladh agus ceol uirlise as saibhreas na lámhscríbhinní a bailíodh in Oirialla.

Orthu siúd a bheidh páirteach beidh Dr. Lillis Ó Laoire, Brian Ó Domhnaill, Máire Ní Choilm, Clann Mhic Ruairí, Gerry O’Connor, Dónal O’Connor, Sylvia Crawford agus ceoltóirí eile.

Fógra

Beidh dianchúrsa Gaeilge ag Cumann Gaelach Leath Chathail Dé Sathairn 5 Meán Fómhair 2015 idir 9.30rn agus 5.00in i dTeach Mícheál, 99 Sráid na nGael, Dún Pádraig, leis an cheathrú breithlá Líofa a cheiliúradh. Is imeacht saor in aisce é seo.

Tá Cumann Gaelach Leath Chathail de Ghlór Uachtar Tíre agus Craobh Boirche Íochtar buíoch as a dtacaíocht.

Close
Close