Daoine na Roinne Timpistí agus Éigeandála

Lisa Nic an Bhreithimh

Bhí sé de mhí-ádh orm le déanaí a bheith sa Roinn Timpistí agus Éigeandála in oispidéal i gceartlár Bhaile Átha Cliath.

Cé nár thuig mé i gceart é ag an am, chuaigh an t-eispearas go mór i bhfeidhm orm, ag blaiseadh rud éigin den mhéid a thuigimid de na litreacha ‘A & E’ in Éirinn inniu.

Cloistear scéal i ndiaidh scéil faoi dhaoine ag fanacht thar oíche ar thralaithe i ndorchlaí oispidéil. Cloistear scéalta faoin salachar a fheictear agus an dáinséar a bhaineann leis toisc easpa foirne sna hoispidéil le hiad a choinneáil glan.

Cloistear scéalta daoine ag feitheamh uaireanta fada agus iad breoite nó gortaithe.

Chonaic mé gach ceann de na nithe seo, agus is measa atá siad os do chomhair amach.

Cé go bhféadfaimis ar fad gearán faoin slad ina bhfuil oispidéil na hÉireann de bharr síorchiorruithe ar chúrsaí sláinte agus fadhbanna móra laistigh d’Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, seachas gearán b’fhearr liom beagán den scéal pearsanta a insint – scéalta na ndaoine laistigh de dhoirse T agus É.

Áit bhrónach í seomra feithimh T agus É.

Cloistear faoi a ‘uafasaí’ is a bhíonn na seomraí seo, ach nuair a shroich mise é, i lár an lae, gan mórán de ‘lucht na hoíche’ istigh go fóill, bhí sé brónach.

Bhí seanbhean os mo chomhair le gearradh ar a mala, ar a cos agus ar a lámh.

Bhí sí ar crith beagán agus bhí sí ina haonar.

Níor cheart go mbeadh uirthi fanacht ansin agus í gortaithe mar sin.

Chomh maith céanna, níor cheart di a bheith ina haonar ansin, a cheap mé.

Bhí an t-uaigneas sin chomh truamhéileach céanna leis na drochseirbhísí sláinte.

An raibh duine muinteartha ar bith aici? Ná comharsa?

Chonaic mé an bhean chéanna ar thralaí uaireanta níos déanaí san oíche.

B’in an rud ab fhearr ab fhéidir linn a thabhairt don bhean aonarach sin mar thír – tralaí i ndorchla gnóthach oispidéil.

Ar a laghad bhí altra ag caint léi an uair sin.

Bíonn daoine feargach faoi na ‘halcólaithe agus na handúlaithe druga’ a chuireann le fadhbanna na Roinne Timpistí agus Éigeandála.

Nuair a bhreathnaigh mé ar an mbean óg, ar an aois chéanna liom féin, bríste géine uirthi cosúil le mo bhríste fein, ní raibh fearg orm.

Smaoinigh mé gur éasca a bheadh sé mise a bheith i mo luí san áit chéanna munar tógadh mé mar a tógadh, muna raibh na buntáistí agam agus a bhí.

Cad a tharla di a bheith anseo?

B’fhéidir gur ise a rinne an dochar di féin anocht le drugaí nó alcól, ach cad chuige gur thosaigh sí ag déanamh an dochair seo di féin ar dtús?

Ba bhean óg í, cosúil liom féin.

Bhí saol difriúil aici.

Ní chloistear mórán faoi na daoine a oibríonn sna hoispidéil nach dochtúirí ná altraí iad.

Daoine fíorthábhachtacha iad seo.

Tháinig mná chugainn gach cúpla uair le ceapairí agus tae ag déanamh iarrachta rud éigin a thabhairt do gach othar. Chonaic mé fear óg eile ag glanadh na leithreas, á nglanadh arís agus arís eile.

Nuair a thiocfadh othar chomh fada leis an leithreas, thiocfadh sé amach go tapaidh ag cuidiú leo dul isteach, ag tabhairt a aire féin dóibh. Shiúil sé timpeall go mall, tuirse air, ag breathnú ar chlanna ag caoineadh sna dorchlaí agus daoine breoite go dona.

Smaoinigh mé ar an bpá a fhaigheann sé as an bpost seo, agus as an bpá a fhaigheann daoine eile, as obair i bhfad níos éasca. Bhí miongháirí ar chriú an otharchairr i gcónaí.

Labhair siad leis an bhfear ar an tralaí mar a labhrófá le seanchara agus chinntigh siad gur cuireadh an nuacht ar siúl do na hothair ag a sé a chlog.

Smaoinigh mé ar an gcineál duine ar féidir leis miongháire a chur ar a aghaidh mar sin gach lá.

Dúirt an dochtúir óg liom nár chaith sí an Nollaig lena muintir sa mbaile le ceithre bliana anois. Sin an post, a dúirt sí, í cuimsitheach, cruinn agus cineálta.

Labhair sí liom faoi bheith ag obair agus tinneas uafásach uirthi féin tráth.

‘Níor cheap mé go bhféadfainn gan teacht isteach ag obair’. Sin an post. Nuair a bhí mé ag fágáil, luaigh sí a hainm dom agus na huaireanta oibre a bhí aici, ionas go bhféadfainn teacht díreach chuicise dá mbeadh fadhb. 2pm-4am na huaireanta a bhí aici Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Níl aon chineál gairmí a bhfuil níos mó measa agam orthu ná altraí. Oibríonn siad gan mórán sosa, le deacrachtaí dothuigthe ar feadh uaireanta fada, fós féin ag tabhairt aire tuismitheora do na hothair faoina gcúram.

Chuir altra óg amháin ionadh orm leis an miongháire a bhí ar a haghaidh gach uair a chonaic mé í- b’fhéidir cúig huaire in aon uair a chloig. Bhí comhrá aici le hachan othar sa seomra beag, aithne aici ar gach duine.

Thug sí aire do gach duine. Nuair a bhí mé ag siúl timpeall bhreathnaigh altra eile orm agus é ag rith go hothar eile. D’aithin sé go raibh rud éigin mícheart liom agus chinntigh sé gur tháinig altra eile chugam.

Níl an chuimsitheacht sin feicthe agam in aon ghairmí eile le fada.

Nuair a chloisim faoi bhagairt stailce ó altraí na tíre, faoi throid idir na haltraí agus an FSÉ, agus ‘nach bhfuil ach ardú pá de dhíth orthu’, déarfainn go bhfuil ardú pá tuilte acu araon.

Tá sé intuigthe go mbeidís ag deireadh na péice nuair nach dtugtar an t-aitheantas ceart dóibh agus atá tuilte acu. Tá sé tuilte acu dul ar stailc i gcásanna mar seo.

Seo hiad na daoine a thugann aire dár seanmháthair nuair atá sí breoite ina haonar, d’ár bpáistí agus iad in obrádlann, dúinne féin ar an lá a dteastaíonn cabhair uainn.

Níl anseo ach blaiseadh, 6 huaire a chloig in oispidéal amháin.

Tá na mílte scéalta go bhféadfaimis éisteacht leo.

Tá daoine laistigh de dhoirse na Roinne Timpistí agus Éigeandála agus tá scéalta bróin, scéalta uaignis agus scéalta dóchais le hinsint acu araon.

Éistimis leo.

Close
Close