Ceiliúradh 50 Bliain den Aifreann Gaeilge i mBéal Feirste

Tá ‘pobal an Aifrinn’ i mBéal Feirste ag ceiliúradh 50 bliain den aifreann Gaeilge sa chathair.

I ndiaidh don Dara Comhairle Vatacánach an tAifreann a cheadú i dteanga na ndaoine, cuireadh tús le feachtas ar son Aifreann Gaeilge i mBéal Feirste sa bhliain 1965. Bhí bunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe i gcroílár an fheachtais.

“Ba í an Ghaeilge teanga s’againne agus rinne muid cinnte gur mhaith linn go mbeadh an tAifreann ar fáil i nGaeilge i mBéal Feirste. Chuir muid feachtas ar bun le go mbeadh sé sin amhlaidh,” arsa duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, Séamus Mac Seáin.

“D’éirigh deacaireachtaí nuair a tháinig saoire an tsamhraidh. Dúirt an tEaspag nach bhféadfadh leis sagairt a chur ar fáil leis an Aifreann a rá.

“B’éigean dúinn gabháil i mbun agóide ansin. Chruinnigh muid le chéile taobh amuigh de Theach an Phobail. Chuir muid picéad ar an Easpag.

“Bíodh agus nach bhfuair muid aifreann an chéad samhradh, ina dhiaidh sin shíl an tEaspag gurbh fhearr an tAifreann a bheith ann ná a bheith ag cur suas le hagóidí ó lucht na Gaeilge!”

Tá Diarmuid Ua Bruadair ó Ghaeltacht Bhóthar Seoighe dóchasach go leanfaidh an traidisiún tamall eile.

“Ta caoga bliain caite ag daoine teacht ar an Aifreann Dé Domhnaigh agus tá mise ag freastal ar an Aifreann le daichead bliain. Tá mo pháistí féin anseo anois agus leanfaidh muid ar aghaidh leis an traidisiún sin a bhunaigh ár dtuismitheoirí caoga bliain ó shin,” arsa Diarmuid.

Deir an tAthair Alan Mc Guickan ó Eaglais Naomh Muire go bhfuil gréasán forbartha anois i measc lucht eaglasta Gaeilge na cathrach.

“Bíonn pobal an Aifrinn anseo páirteach sa cheiliúradh ilchreidmheach ‘Tor ar Lasadh’ ag Eaglais Fitzroy ar an tríú Domnhach de gach mí,” ar seisean.

“Is iad pobal an Aifrinn a bhí óg anseo caoga bliain ó shin, daoine a bhí ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge a chuir tiomántas leis. Cúis cheiliúrtha atá ann go bhfuil 50 bliain bainte amach.”

Ceiliúradh 50 Bliain den Aifreann i nGaeilge i mBéal Feirste mbliana 
Close
Close