Tábhacht na gcomharchumainn a phlé ag ceardlann i nGael-Ionad Mhic Goill in Iarthar Bhéal Feirste.

Bhí ceardlann á reáchtáil ag an ghrúpa pobail Glór na Móna i nGael-Ionad Mhic Goill in Iarthar Bhéal Feirste le déanaí.

Bhí plé agus comhrá faoi obair na gcomharchumainn agus na féidearthachtaí agus buntáistí a bhaineann leo, chomh maith leis an dea-thionchar a dtiocfadh leo a imirt ar an phobal áitiúil. 

Bhí scaifte breá i láthair agus iad ag lériú neart suime san ábhar a bhí faoi chaibidil ar an lá.

Bhí Meon Eile i láthair le labhairt leofa siúd a bhí i mbun na ceardlainne le níos mó a fháil amach faoi.

Tá tuileadh eolas ar fáil ag http://www.trademarkbelfast.com

Close
Close