Cócaireacht na Nollag le Brian Ó Domhnaill

Cócaireacht na Nollag le Brian Ó Domhnaill

Níl lá na Nollag i bhfad uainn anois. Tá na soilse uilig lasta againn, tá amhráin na Nollag le cluinstin in achan áit agus tá na siopaí glan ar mire!

Bíonn an oiread sin le hullmhú roimh lá na Nollag ach nuair a thagann sé ansin is féidir linn ár scith a ligint, ár mbronntanais a oscailt agus ár sáith a ithe.

Ach don té atá i gceannas ar dhinnéar na Nollag ní bhíonn mórán sosa acu idir bheith ag ullmhú agus ag cócaireacht leo don chuid is mó don lá… ach más tusa atá sa ról sin i mbliana, ná bí buartha.

Bhuail Seán Ó Baoill leis an chócaire aitheanta Brian Ó Domhnailll agus é ag taispeaint dó cén dóigh réamhchúrsaí speisialta ach simplí a dhéanamh don lá…

Dinnéar na Nollag le Brian Danny Minnie

Seo a leanas na comhábhair atá uait:

Bradán deataithe

Trataí

Cúcamar

Raidis fhiáin

Luibheanna – Finéal agus Tím

Créme fraiche

Oideas

Gearr an bradán deathaithe, na trataí agus an raidis fhiáin go deas fineálta agus é a chur le cheile, ag meascadh le chéile i mbabhla.

Úsáid múnla beag agus cur i lár phláta é ansin, cuir an meascán ón bhabhla isteach.

Ansin faigh an créme fraiche agus ag úsáid sponóg cur an Creme Fraich anuas ar an mheascán de Brádán deathaithe.

Ansin faigh do cgúcamar agus do raidis fhiáin agus gear iad suas go deas fineálta fosta. Cur an cúcamr thart ar bun an múnla agus an Raidis fhiáin ar bharr an créme fraiche, tá seo chun snas agus cuma proifisiúnta air.

Ansin maisigh an rud ina hiomlán le giota fFnéal agus Tím agus bain an múnla ar shúil.

….agus sin chugaibh réamhchúrsaí blasta ach símplí déanta go gasta agus ar an bheagán.

Close
Close