Athrú bia, athrú saoil

Athrú bia, athrú saoil

Sláine Ní Chathalláin

Bhí pianta i m’bholg agam ón uair a bhíos beag…

Ní rabhadar chomh coitianta an uair úd agus a bhíodar le 10 mbliana anuas, áfach. Is dóigh liomsa gurb í an chúis ná bíodh mo bholg ag cur orm nuair a bhíos 15,16, ná toisc go n-ithinn dinneár breá sláintiúil a dheineadh Nain dom tar éis scoile na haon lá. B’shin dhá shaghas glasra difriúla agus blúire feola.

Ansan, d’imíos an choláiste agus thit an tóin as an mbia sláintiúil. Cé go n-ithinn feoil agus glasraí anois is arís, ní nós é a bhí chomh minic san agam a thuilleadh.

Ón uair úd sa choláiste, go dtí timpeall ar dhá bhliain ó shin, bhí gach aon tsaghas aiste bídh triailte agam. Bhí na torthaí ós na tástálacha fola ar fad a dheineas leis an ndochtúir go breá, ach ar an dtaobh istigh, bhíos ag titim as a chéile. Ní dhúisínn aon mhaidean gan phian.

Fuaireas amach, tar éis dul chun bean a fheiscint, a dheileálann le leigheas trí bhia, nár oir táirgí déiríochta dom BEAG NÁ MÓR. Bhí teocht mo choirp chomh híseal san, go rabhas i mbaol niúmóine!

Stopas, le comhairle ón mbean seo, ar tháirgí déiríochta a ithe, chomh maith le feoil, iasc agus bianna eile ar feadh sé seachtaine ar thriail shealadach. Gach braon uisce a d’ólas, b’as bhuidéal a tháinig sé, fiú uisce beirithe chun braon tae, chaith gur uisce buidéil ab ea é.

I bhfocail eile, bhíos i m’veigeán. Cad a cheapann sibh a tharla dom? D’athraigh gach aon ghné do m’shaol!

Ní raibh aon phian i m’bholg agus níos fearr ná san, bhíos lán go barra d’fhuinneamh. Bhínn ag húvaráil ar a 10 a chlog is t’oíche! (Bím fós). N’fhéadfaí mé a stop.

Diaidh ar ndiaidh, áfach, thosnaíos ag ithe feola agus táirgí cruithneachta agus a leithéidí arís. Ní raibh sé i gceist agam a bheith i m’veigeán go deo. Siúd liom ag lorg fhreagraí arís eile…mar tháinig an pian ar ais.

Tar éis tástáil fola a sheoladh go dtí Clinic Fitzwilliam d’Eolaíocht an Bhia, fuaireas amach, áfach, go raibh éadulaingtí agam i leith fhormhór gach rud a bhínn ag ithe: gealacán uibhe, cruithneacht, rís, oráistí, soighe, sméara dubha, coirce, arbhar agus giosta (aráin agus bríbhéireachta).

Sea-SIN FÍON! Agus scata eile leis… ar nós cnóite éagsúla. Tabhair fé ndeara ná fuil aon ghlasraí ná feoil ar an liosta seo-an bia a thugadh Nain dom!

Mar sin, ón uair a stopas á n-ithe san go léir, ní bhíonn aon phian orm a thuilleadh. Bím ag aclaíocht go minic, táim lán suas d’fhuinneamh agus tá’n saol go maith.

Bíonn speilt agam uaireanta, in ionad cruithneachta, mar shampla, dá mbeinn ag déanamh phancóga. Bainne chnó cócó a ólaim le harbhar déanta as lus na gcearc. Planda síl is ea lus na gcearc atá lán go barra do chothaithigh agus is féidir é a ithe ar nós ríse nó plúr a dhéanamh as.

Deinim iarracht mhór torthaí agus glasraí freiseáilte (agus orgánach más féidir) a ithe le gach béile i rith an lae. Braithim i bhfad níos fearr agus níos dearfaí ina ndiaidh. Ní ithim bia atá próiseáilte agus ní ithim puinn siúcre. Má tá rud éigin milis uaim, gan dabht bím dána babhtaí… (cé ná bíonn?), agus bheadh milseán agam, ach triailim gan.

D’íosfainn blúire seacláide dorcha, os cionn 80%. Tá na céadta leabhar cócaireachta anois ar an margadh-ní bheidh tú ceal oidis. “The Extra Virgin Cookbook” an ceann is fearr liom fé láthair, le Susan Jane White ó Bhleá Cliath.

Nuair a dúrt le cara liom go rabhas chun píosa a scríobh faoin aiste bia atá agam, d’fhiafraigh sí dom “an gcaithfidh tú cáilíocht a bheith agat chun comhairle a chur ar dhaoine?”

“Ní comhairle a bhead ag cur orthu”, arsa mise, ach ag insint mo scéil féin agus ní gá dom a rá libh go bhfuil ár gcorp ar fad difriúil óna chéile. Molaim, áfach, do chách, triail a bhaint as chúpla bia “nua”.

Níl deireadh go deo leis an sásamh a thugann a leithéid domsa, pé scéal é.

Caithim ana chuid airgid ar bhia sláintiúil, sin rud siúráltha ach is fear an tsláinte ná an táinte!

Oideas cócaireachta

Seatnaí úll agus plumaí spíosracha

450g siúicre cnó cócó

1 maide cainéil

1 taespúnóg síolta cuimín

2 oiniún mhóra

1 spúnóg mór salann

2 ionga gairleoige

2cm sínséir freiseáilte

3 réalt ainíse

8 phluma

2 úll Bramley

(Is fearr agus is blasta é seo nuair ná hosclaítear é go ceann míosa)

Scúigh agus gearr suas an ghairleog ina slisíní agus an sínseár leis, ina phíosaí beaga bídeacha.

Gearr go mion na hoiniúin agus cuir an trí chomhábhar i bpota. Scúigh agus gearr suas na húlla agus cuir isteach sa phota iad.

Beirigh an méid atá sa phota ar theocht íseal agus measc go maith é. Ísligh an teocht agus clúdaigh an pota. Dein suanbhruith air ar feadh leathuaire.

Lena linn sinn, gearr na plumaí ina gceathrúna agus cuir isteach sa phota iad leis an gcuid eile. Measc é sin agus lig do bheith ag beiriú leis, gan aon bharra air ar feadh 40 nóimeant.

Sin sin…. Cuir isteach i bprócaí gloine é faid is atá sé te. Cuir an barra ar na prócaí go teann.

Close
Close