Ag baint an Fhómhair sa Charn

Tá bláth tagtha ar ghairdín pobail Charn Tóchair a bunaíodh dhá bhliain ó shin. Bhain trí theaghlach déag ón cheantar moll glasraí i gcaitheamh an fhómhair.

Cuireadh síolta an tionscnaimh trí bliana ó shin nuair a cheannaigh Coiste Forbartha an Chairn feirm thréigthe sa cheantar. Le cuidiú ó mhaoinitheoirí, cóiríodh an fheirm agus tógadh tearmann dúlra ar an suíomh.

Thug Meon Eile cuairt ar an phobal agus iad ag cur críche lena gcuid oibre roimh fhilleadh an gheimhridh…

Ag baint an fhómhair sa Charn
Close
Close