'Teanga na gCailíní' - laghdú ar líon gasúr ag stáidear na Gaeilge

'Teanga na gCailíní' - laghdú ar líon gasúr ag stáidear na Gaeilge

Tá athrú suntasach agus tobann ann ó thús an chéid mar a bhaineann le Gaeilge sna scoileanna ó thuaidh. Is cailíní níos mó ná buachaillí atá ag tabhairt fúithi agus tá seo le feiceáil go sonraíoch sna staitisticí.

In 2002, rinne 2,771 dalta Gaeilge ag leibhéal GCSE. Bhí 1,359 gasúr agus 1,412 cailín ann. Sna scoileanna ‘neamhghramadaí’ (na seanscoileanna idirmhéanacha den chuid ba mhó) bhí rud beag níos mó gasúr ann, 682 os coinne 659 cailín.

Sa bhliain 2015, rinne 1,830 dalta Gaeilge ag leibhéal GCSE. Bhí 1,136 cailín ann, agus gan ach 694 buachaill. Taobh amuigh de na scoileanna gramadaí, ba chailíní beagnach 75% a thug fuithi.

Is tuar dóchais é nach amháin go bhfuil an Ghaeilge ag seasamh an fhóid ag an Ardleibhéal, ach go bhfuil méadú ann. Is é a mhalairt atá ag tarlú do theangacha eile.

Rinne 253 dalta an tArdleibhéal in 2002. Sa bhliain 2015, rinne 330 dalta Ardleibhéal sa Ghaeilge. Tá an feabhsú sin maith, ach go gcaithfear a bheith cúramach leis.

Ba chailíní go huile is go hiomlan ba chionsciocair leis an mhéadú. Bhí 239 acu ann, os coinne 91 buachaill. Taobh amuigh de na scoileanna gramadaí, ba chailíní 81.5% acu siúd a chuaigh faoin scrúdú.

D’foilsigh Antón Mac Cába an sliocht seo thuas san alt, ‘Teanga na gCailíní’, in eagrán, den An tUltach.

Labhair muidne le Anton faoin athrú ar líon agus iscne na ndaltaí atá ag dul don Ghaeilge i scoileanna Béarla, chomh maith le lucht oideachais méanscoile agus ollscoile faoi na hathruithe…

Agallamh: Antón Mac Cába
GCSE Irish agus Gaeilge 2006 - 2015
GCSE Irish agus Gaeilge 2006 - 2015
A Leibhéal Gaeilge 2006 - 2015
A Leibhéal Gaeilge 2006 - 2015

Níl nuatheanga riachtanach ag leibhéal GCSE ó 2004 i leith. Ba é rialtas Tony Blair a ghlac an cinneadh seo. Faoin chlár rialtais reatha, tá túsáit tugtha do na hábhair STEM san iarbhunscolaíocht: eolaíochtaí, teicneolaíocht, innealltóireacht agus matamaitc.

Deir an tOllamh le hOideachais in Ollscoil na Ríona, Eugene Mc Kendry, go bhfuil titim shuntasach i ndiaidh theacht ar líon na ndaltaí atá ag tabhairt faoi na teangacha go ginearalta, chan amháin i dTuaisceart na hÉireann ach sa Bhreatain fosta.

“Cluinimse agus mé ag caint le múinteoirí sna scoileanna Béarla go bhfuil an-imní orthu, ag dul in olcas atá sé, sin an rud a chluinim i mbeagnach achan áit. Sin lom na fírinne.

Is iontach an ghaeloideachais ach nuair a amharcann tú ar na páipéir polasaí atá ag teacht amach, is minic go gcuirtear béim ar an ghaeloideachas agus ní luaitear ach mar iarsmaoineamh teagasc na Gaeilge sna scoileanna Béarla. Sin an áit ina bhfuil an dúshlan," arsa Mc Kendry.

Agallamh: An Dr. Eugene Mc Kendry

“Tá an scéal atá i ndiaidh theacht chun tosaigh amhlaidh sa scoil s’againne, a deir Daithí Ó Muirí, Leas Phríomhoide ar ArdScoil Naomh Pól i gcontae Ard Mhacha.

“Chonaic muid le cúpla bliain anuas go bhfuil sé deacair buachaillí ach go háirithe a mhealladh i dtreo na dteangacha.

“Tá scéal bréagach ann go mbíonn cuma ar na teangacha go bhfuil siad níos deacra na hábhair eile. Nuair atá sé deacair ag daltaí áit a fháil i gcúrsaí tríú leibhéil, tá siad i gcónaí ag iarraidh na habháir a thugann an deis is fearr dóibh fáil isteach iontu.

Ní gá do dhaltaí teangacha a staidéar ag leibhéal GCSE. I scoilteacha mar seo (Ardscoil Naomh Pól), tugann muidne túsáite do na teangacha. Cuireann muid comhairle ar dhaltaí gur chóir daofa teanga a dhéanamh," arsa Ó Muirí

2006 - 2015 Compráid idir bhuachaillí agus cailíní
2006 - 2015 Compráid idir bhuachaillí agus cailíní

Tá mise iontach buartha go bhfuil droch-chomhartha a thabhairt do scoláirí ón Rialtas agus ón Fheidhmeannas a rait leo nach bhfuil tábhacht leo staidéar a dhéanamh ar na teangacha.

Deir Ó Muirí go bhfuil gá ann dianscrúdú a dhéanamh ar staidéar na Gaeilge agus na rannpháirithe cuí a thabhairt le chéile lena chíoradh agus a chóiriú.

Agallamh: Daithí Ó Muirí
Close
Close