Stormont ar Saoire - buaicphointe na bliana?

Tá polaiteoirí an Tionóil ag imeacht ar saoire an tsamhraidh agus aighneas caimiléireachta i gCnoc an Anfa. Tá fiosrúchán á dhéanamh faoi líomhaintí gur cuireadh £7m i dtaisce i gcuntas bainc in Oileán Mhanann do pholaiteoir áirithe as díolachán maoine €1.5 billiún a shochrú.

Ba é seo an díolachán maoine is mó a tharla riamh sna sé chontae inar dhíol NAMA foirgneamh agus talún leis an chomhlacht Cerberus ar €1.5 billiúin – an tríú cuid de luach iomlán na maoine.

Ní hé seo an chéad aighneas i gCnoc an Anfa i mbliana ar ndóigh.

Chuaigh Meon Eile chun sráide mórthimpeall Bhéal Feirste agus labhair muid leis an phobal faoin eachtraí móra sa Tionól a chuaigh i bhfeidhm orthu i mbliana agus le fáil amach cé orthu a bhronnfadh an gradam do ‘Pholaiteoir na Bliana’.

Ceist an Tionóil

Mc Causland agus Allister ag cur spéise sa Ghaeilge

Cuireadh 126 ceist faoi ábhar bainteach leis an Ghaeilge san Fheidhmeannas seo ó Fhómhar 2014. Bhain móramh na gceisteanna le hiarratais chaiteachais agus beartais.

Nelson Mc Causland, DUP a léirigh an ‘spéis’ is mó sa Ghaeilge agus 46 ceist as 126 curtha aige faoi chaiteachas, faoi chraoladh, faoi dheontais agus faoi theagasc na Gaeilge.

Ba é Jim Allister an dara polaiteoir is fiosraí faoin Ghaeilge agus 16 ceist curtha aige féin faoi chaiteachas agus faoi bheartas teanga. Is féidir teacht ar na ceisteanna ar fad ag an nasc seo.

Close
Close