Stoirm Emma faoi lán seoil ar fud na tíre

Tá Stoirm Emma faoi lán seoil ar fud na hÉireann le cúpla lá anuas agus stoirmeacha sneachta ag teacht anoir.

Bhí rabhadh dearg i bhfeidhm i mórchuid na tíre ó bhí an Chéadaoin ann.

Tá sneachta thuas go 40 cm á thuar inniu agus tugadh rabhadh do dhaoine fanacht istigh ó 3in inné go dtí meán lae inniu.

Druideadh os cionn 300 scoil ó thuaidh inné agus ní bheidh siad ag athoscailt go dtí an Luan.

Ó dheas bhí an córas iompar poiblí go mór faoi thionchar na drochaimsire agus an Luas, DART, Bus Átha Cliath, Bus Éireann agus tuilleadh ag cur stop iomlán le seirbhísí.

Ní taisteal ar talamh amháin a bhí i mbaol ag Stoirm Emma ach eitiltí chomh maith.

Beidh aerfort na Sionainne druidte go dtí an Satharn agus aerfort Bhaile Átha Cliath druidte fosta le moill ar neart eitiltí timpeall na tíre nó iad curtha ar ceal go hiomlán.

Cuireadh neart de imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar athló.

Ina measc sin an fhéile cheiliúrtha BEO i mBaile Átha Cliath ar an Satharn, seoladh Uladh Sheachtain na Gaeilge in Ard Mhacha agus seoladh Sheachtain na Gaeilge i mBéal Feirste.

Labhair Meon Eile le triúr faoin sneachta agus faoina dtuairimí ar an bhealach a théann an tír i ngleic le drochaimsir.

Close
Close