Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach: Cad atá amach romhainn?

Ba iad Gréasán na Meán i gcomhar leis an chomhlacht léiriúcháin ROSG agus Údarás na Gaeltachta a d’eagraigh an Chomhdháil ‘Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’ in óstán ‘The Conemara Coast’ i nGaillimh.

Tháinig saineolaithe sa ríomheolaíocht, teangeolaíocht agus meáin idirghníomhacha i saol na Gaeilge le chéile le plé a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ag teicneolaíochtaí nua chun pobal na Gaeilge a chur chun cinn sa bhaile agus go hidirnáisiúnta.

Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach: Cad atá amach romhainn?

Todhchaí mheáin na Gaeilge ar líne a bhí á plé ag Tuairisc.ie, TG4 agus Nós.ie ar an lá.

Labhair Ciarán Ó Cofaigh, ROSG, agus James Corbett, Simvirtua, faoi na feidireachtaí a bhaineann le réaltacht fhíorúil agus forbairt pobal ar líne.

Rinne Ciarán cur síos ar an Ghaeilge mar theanga dhomhanda. Ag tagairt don teicneolaíocht atá á forbairt ag High Fidelity, luaigh sé gur chóir go mbeidh muid ag bogadh i dtreo pobal fíorúil ‘an baile beag’ a chruthú ar líne.

“Tá na deiseanna ann, ba chóir iad a thapú. Níl leithscéal ar bith ann mar tá an teicneolaíocht ann. An t-aon teorainn ná an tsamhlaíocht,” arsa Ciarán.

Labhair Kevin Scannell, Ollamh Matamaitice agus Ríomheolaíochta ag Ollscoil St. Louis, SAM, faoin tábhacht a bhaineann le saineolas teicniúil, saineolas teanga agus acmhainní a roinnt trí mhacasamhail cónaidhm a bhunú.

Dúirt sé go raibh orainn brú a chur ar na mórchomhlachtaí teicneolaíochta atá ag déanamh gnó in Éirinn, ar nós Google agus Apple, cothrom na féinne a thabhairt don teanga

“Is gá le brú a chur ar na mórchomhlachtaí, brú anuas ón Rialtas agus brú aníos ón bpobal.”

Mar ábhar dóchais dúirt an tOllamh gurb í an Ghaeilge an teanga is láidre i measc na 40 mionteangacha a mbíonn sé ag plé leo.

Thug an Dr. Aodhán Mac Cormaic ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, réamheolais faoi phlean nua digiteach Rialtas na hÉireann don Ghaeilge atá le foilsiú i rith an tSamhraidh.

I measc na n-aoicainteoirí eile ar an lá bhí Ailbhe Ní Chasaide & Neasa Ní Chiaráin Abair.ie, Brian Ó Raghaillaigh, Fiontar DCU, Eilís Ní Dhúill, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Aindriú Mac An Rí, PEIG.ie.

Close
Close