Olltoghchán 2016... Tuairimí an phobal

Olltoghchán 2016... Tuairimí an phobal

Tá an feachtas is giorra riamh ag teacht chun críche agus níl fágtha ach cúpla lá go dtí lá mór na vótaí.

Ar an Aoine bheag seo, beidh deis ag muintir phoblacht na hÉireann vóta a chaitheamh agus rialtas úr a roghnú, más é sin atá uatha.

Tá cuid mhaith plé agus díospóireachta déanta ag iarrthóirí na bpáirtithe, mór agus beag, mar aon leis na neamhspleáigh le trí seachtaine anuas agus féiríní deasa go leor geallta ar an bhealach.

Ach an bhfuil siad réalaíoch faoin mhéid atá geallta acu an iarraidh seo?

An bhfuil a dhóthain airgid acu le gach rud atá ar intinn acu a bhaint amach nó ar cheart dúinn a bheith ag súil go gclisfear ar na gealltanais mar a rinneadh suas go dtí seo?

Chuaigh Meon Eile i mbun cainte le daoine ó cheantair éagsúla, agus iad ar réimse leathan aoise.

Ar dtús, labhair daoine óga, atá ag staidéar agus ag obair i mBaile Átha Cliath, linn faoina bhfuil ag cothú imní dóibh.

Olltoghchán 2016 - Baile Átha Cliath

Ach cad faoi staid na gceantar tuaithe? Thug ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill cuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill.

Ceantar galánta i dtaobh na timpeallachta agus an nádúir de ach ceantar atá bánaithe ag an imirce, agus a léiríonn go bhfuil easpa forbairt pobail agus eacnamaíochta go fóill ag cothú deacrachtaí sa cheantar.

Labhair Seán le roinnt daoine fán cheantar le fáil amach faoi cad é a bheas muintir na Gaeltachta ag súil leis ón rialtas úr agus thug sé cuairt ar an ionad cúram lae áitiúil le labhairt leis an ghlúin is sine sa cheantar.

Olltoghchán 2016 - Tír Chonaill
Close
Close