Mic léinn SAM Ag foghlaim Gaeilge i dTír Chonaill

Mic léinn SAM Ag foghlaim Gaeilge i dTír Chonaill

Tá deireadh ag teacht leis na cúrsaí samhraidh sna Gaeltachta agus na mílte ag pilleadh chun an bhaile i ndiaidh tréimhse a chaitheamh sáite i gcultúr na nGael agus ag foghlaim faoi shaibhreas na teanga ó tobar na Gaeilge féin.

Chaith muid lá le mic léinn idirnáisiúnta a bhí i mbun cúrsa Gaeilge i nGaoth Dobhair. Bhí 22 mac léinn as Meiriceá i measc an scaifte a bhí ag tabhairt faoin chúrsa.

Tá an cúrsa á reachtáil ag Ollscoil Uladh i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge achan bhliain agus tá ag éirí go hiontach leis.

Bhí leas-seansailéir Ollscoil Uladh, an tOllamh Pádraig Mac Nic, ar an chúrsa fosta…

Mic léinn SAM Ag foghlaim Gaeilge i dTír Chonaill
Close
Close