Léirsiú in éadan €12m atá gearrtha ón bhuiséad meabhairshláinte ó dheas

Bhí na céadta ag leirsiú taobh amuigh de Theach Laighean san fhearthainn Déardaoin seo caite lena míshástacht a léiriú faoin €12m atá gearrtha ón bhuiséad meabhairshláinte le hagahidh 2016.

Ó tharla nár caitheadh an €12m, a bhí curtha ar leataobh le foireann a earcú anuraidh, tá sé le aistriú go háit eile sa tseirbhís sláinte.

Léirsiú in éadan an €12m atá gearrtha ón bhuiséad meabhairshláinte

Dúirt an Dr. Shari McDaid, Stiúrthóir Mental Health Reform, gur ‘cúis mhór imní’ é a chluistin go bhfuil an buiséad meabhairshláinte á úsáid mar chrann taca don chuid eile den earnáil sláinte.

Dúirt sí fosta go bhfuil an líon foirne meabhairshláinte laghdaithe 10% ó 2008, le hais ardú 2% sa líon foirne géarchúraim sa tréimhse chéanna.

Cinneadh é seo, a deir sí, a léiríonnn gur lú fós an meas atá ar an tseirbhís mheabhairshláinte.

Bhí an léirsiú Déardaoin eagraithe ag Aontas na Mac Léinn agus Mental Health Reform.

I measc an scaifte a bhí i láthair bhí Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin agus Fhianna Fáil.

Labhair Conor Cusack, Shane Gillien, Nikki Hayes agus Ann Ellis faoina scéalta féin ar an lá agus iad ag impí ar an Rialtas tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa chóras meabhairshláinte.

Tá sé ráite ag an Aire Sláinte Leo Varadkar go gcuirfear an buiséad ar ais chuig na seirbhísí meabhairshláinte an bhliain seo chugainn.

Close
Close