Joe McHugh mar Phríomh-Aoire an rialtais le freagrachtaí na Gaeltachta air ach imní ar an fhreasúra

An tseachtain seo caite ceapadh Joe McHugh mar Phríomh-Aoire an rialtais le freagrachtaí na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán air.

Bhain conspóid mhór le Joe McHugh nuair a ceapadh é ina Aire Stáit don Ghaeltacht den chéad uair sa bhliain 2014 siocair nach raibh Gaeilge líofa aige.

Ach trí bliana ar aghaidh agus líofacht na teanga aige, dúirt Conradh na Gaeilge gur ‘chéim chun cinn’ é ceapachán Joe McHugh mar Phríomh-Aoire agus mar Aire Stáit don Ghaeltacht.

Ach ní achan duine atá sásta go bhfuil cúram na Gaeltachta arís ag an Aire Mc Hugh.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil ‘céim ar gcúl’ tugtha ag an Taoiseach nuacheaptha, Leo Varadkar, do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

“Léiríonn cinneadh Leo Varadkar Seán Kyne a bhogadh amach as Roinn na Gaeltachta agus Joe McHugh a chur ar ais ann an easpa tuisceana maidir atá air maidir leis an dul chun cinn atá déanta sa réimse seo le bliain anuas," arsa Ó Clochartaigh

Bhí caint ann fosta dá mbeadh an tAire Stáit Joe McHugh ábalta freastal ar a gcúraimí mar Phríomh-Aoire agus mar Aire Gaeltachta.

Léirigh páirtí an fhreasúra a gcuid imní sa Dáil inné agus arú inné nuair nach raibh an tAire Stáit McHugh i láthair sa Dáil chun ceisteanna a fhreagairt faoi ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta siocair go raibh sé ag freastal mar Phríomh-Aoire ar chruinniú de Choiste Gnó an Oireachtais.


Rinneadh plé sa Dáil inné faoin Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh agus faoin Aire Heather Humphreys a bheith as láthair ar an Mháirt do cheisteanna Dála.

Rinneadh plé faoi theideal 'Roinn na Gaeltachta' chomh maith.

Dúirt an Taoiseach nach raibh an teideal úr socraithe go fóill ach go raibh sé “muiníneach” go mbeidh ‘An Ghaeltacht’ mar chuid de theideal na Roinne a mbeidh cúram na Gaeltachta, na Gaeilge agus na nOileán uirthi.

Luaigh sé gur thuig sé an tábhacht a bhain leis an fhocal 'Gaeltacht' bheith mar chuid de theideal na Roinne agus go raibh sé ag súil go socrófar an teideal go luath.

Close
Close