Home Sweet Home - dídean le dínit

Home Sweet Home - dídean le dínit
Teach Apollo um Nollaig
Teach Apollo um Nollaig

Peadar Ó Caomhánaigh

Samhlaigh dá gcaillfeá gach rud.

Do phost, do chaidreamh le do leath eile.

Fiú dá bhfaighfeá an dól, ní íocfadh sin as cíos i mBaile Átha Cliath.

Anois, samhlaigh leis sin, nach raibh tacaíocht agat ó do thuistí nó do chlann.

Samhlaigh nach raibh cara ar bith agat ábalta tolg a thabhairt duit, gan caint ar sheomra codlata.

Samhlaigh dá mbeifeá fágtha gan dídean.

Cad a dhéanfá?

An mbeadh a fhios agat cá háit le dul? Cé le caint leo? Cad le déanamh?

D’fhéadfadh sé tarlúint chomh héasca, go háirithe le costaisí maireachtála chomh hard agus a bhíodar riamh cheana anseo i mBaile Átha Cliath.

Dá dtarlódh sé duitse, déarfadh an rialtas leat gurb iomaí leaba atá ar fáil duit san Ardchathair, ach in an-chuid de na háiseanna atá ar fáil dóibh siúd gan dídean, níl ann ach sin – leaba.

Níl áit le do chip is do mheanaí a stóráil go socair.

Níl eochair ná seomra agat.

Níl agat ach tocht ar an urlár i seomra plódaithe, daoine ag instealladh sa chúinne, tú ag guí go gclárófar go luath tú do sheirbhís níos fadtréimhsí.

Bheifeá gan dóchas, ag fanacht ar sheomra in áis le carthanacht éigin nó i dteach ósta.

B’shin as a dtáinig Home Sweet Home, an feachtas taobh thiar den áitiú in Apollo House le déanaí.

Cé go bhfuil carthanacht i ndiadh carthanachta ag obair leo chun déileáil leis an méadú suntasach sa díthreabhacht le cupla bliain anuas, ní raibh aird an rialtais dírithe dóthain ar an bhfadhb.

Roimh Nollaig 2016, bhí 2,000 páiste, aon trian de dhaonra díthreibhithe na tíre, nach raibh a fhios acu cá dtiocfadh San Nioclás chucu.

Bhíodar idir óstáin agus brúnna, teaghlaigh briste suas in an-chuid cásanna.

Bheartaigh bailiúchán de ghníomhairí, ceolteoirí agus deonaithe eile seilbh a ghlacadh ar áit níos oiriúnaí ná na brúnna agus seirbhísí geárthéarmacha.

Thángadar ar bhloc oifigí a bhí sceidealta le bheith leagtha.

Foirgnimh a bhí i lámha NAMA, eagraíocht stáit nach raibh – dar leis an bhfeachtas – ag comhlíonadh a bhfreagrachta sóisialta dídean a thabhairt dóibh siúd gan teach gan treibh.

Ar an 16ú Nollag 2016, thosaigh an t-áitiú, agus dóibh siúd a d’fhan ann – os cionn 250 thar an mhí a bhíodar ann – bhí tearmann acu, agus leis sin meas agus dínit daonna, don Nollaig.

Nuair a chaith mise lá le Home Sweet Home ag tosach Eanáir, tógadh timpeall Apollo House mé agus thugas faoi deara láithreach dhá rud tábhachtacha.

I dtosach báire, bhí béim iomlán ar shábháilteacht na gcónaitheoirí.

Ní raibh cead isteach ach acu siúd ar liosta de dheonaithe a bhí in ainm agus a bheith ann ar an lá úd.

Bhí compord agus dea-bhail na dteaghlach agus na ndaoine a bhí ann mar thosaíocht don bhfeachtas.

Nuair a scaoileadh isteach ar deireadh mé, tar éis conradh a shíniú gan íomhánna a thógaint nó sonraí pearsanta a sceitheadh, thugas faoi deara cé chomh normálta agus a bhí gach rud taobh istigh.

Bhí teaghlaigh ag breathnú ar scannáin agus ag léamh leabhair.

Bhí fir agus mná ag déanamh cupán caife agus ag ithe taoschnónna.

Bhí sceidil cainteanna agus seisiúin aireachais ar an mballa.

Thar chionn aon rud eile, bhí deonaithe agus cónaitheoirí ag caint le chéile ar bhonn cothrom.

Tugadh dínit agus meas do mhuintir Apollo House.

Níor caitheadh anuas orthu, mar a rinne an Stát nuair a dúradh go raibh lucht codlata na sráide ansin d’aon ghnó.

Ní roghnaíonn éinne bheith gan dídean.

Tarlaíonn sé do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu ina saoil, ach d’fhéadfadh sé tarlúint d’éinne againn.

Tá Home Sweet Home tar éis taispeáint go bhfuil an fhadhb seo ina géarchéim, agus tá rialtas na tíre tar éis iad a fhreagairt faoi dheireadh.

Gheall an tAire Tithíochta Simon Coveney go n-osclófar dhá áis nua ar chostas €4 milliún, agus nach mbeadh duine ar bith ag codladh ar bhonn éigeandála i dteach ósta faoin gcéad lá de mhí Iúil na bliana seo.

Cuirfear ar aghaidh an 38 duine in Apollo House go háiseanna eile gan mhoill agus beidh deireadh le Apollo House.

Ní bheidh deireadh, áfach, le Home Sweet Home, atá tar éis taispeáint gur féidir déileáil le daoine gan dídean, agus fós caitheamh leo mar dhaoine.

Close
Close