Diúltaithe ag Rialtas na Breataine cearta Gaeilge a phlé ag cruinniú coiste na Náisiún Aontaithe

Rodrigo Uprimny, ball de Choiste Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha Grianghraif: Caracol Radio
Rodrigo Uprimny, ball de Choiste Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha Grianghraif: Caracol Radio

Dhiúltaigh ionadaí ó Rialtas na Breataine freagra a thabhairt ar cheist a bhain le reachtaíocht don Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann, nuair a tógadh an t-ábhar ag coiste de chuid na Náisiún Aontaithe an tseachtain seo caite.

Is ag an Choiste Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha (CESCR), ar an Chéadaoin 15 Meitheamh, a thóg an tUasal Rodrigo Uprimny an cheist maidir le ról agus dualgas Rialtas na Breataine i dtaca le cosaint chearta phobal na Gaeilge ó thuaidh.

Is saineolaí ar chearta daonna agus ar dhlí idirnáisiúnta é an tUasal Uprimny. Thug Uprimny le fios don choiste nach bhfuil aon chosaint reachtúil ann don Ghaeilge ó thuaidh, in ainneoin moltaí a rinneadh i ngrinnfhiosrúcháin idirnáisiúnta roimhe seo.

Chuir Uprimny an cheist ar ionadaí ó Rialtas na Breataine:

“What steps were taken to promote the Irish language in Northern Ireland in order to protect people’s cultural rights?”

Agus Rialtas na Breataine ag tabhairt freagraí ar na ceisteanna eile a cuireadh orthu, rinne siad neamhaird ghlan ar an cheist sonrach a cuireadh orthu i dtaobh cearta Gaeilge.

“Léiríonn an neamhaird a rinneadh dímheas ar chás agus ar phobal na Gaeilge trí chéile,” arsa Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Seanadóir Shinn Féin, Niall Ó Donnghaile go bhfuil sé de dhualgas ar rialtas na hÉireann agus ar rialtas na Breataine a gcoimitmintí faoi Chomhaontú Chill Rímhinn a chomhlíonadh chun cearta Gaeilgeoirí ó thuaidh a chosaint.

“Deich mbliana ó shin shínigh rialtais na hÉireann agus na Breataine Conradh Chill Rímhinn. D’aontaigh siad go dtacóidís le reachtaíocht chun cearta Gaeilgeoirí a chosaint. Ní mór do rialtas na Breataine beart a dhéanamh de réir briathair agus a choimitmintí a chomhlíonadh do phobal na Gaeilge.

“Tá ról le himirt fosta ag Rialtas na hÉireann mar chomhshínitheoir de Chonradh Chill Rímhinn chun cinntiú go gcosnófar cearta Gaeilgeoirí,” arsa Ó Donnghaile.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta an Chonartha go bhfuil cearta na Gaeilge ó thuaidh a ardú ag fochoiste na Náisiún Aontaithe ó 2009 i leith, ach go bhfuil faillí leanúnach a dhéanamh ag Rialtas na Breataine ar an ábhar.

“Is cúis imní agus údar frustrachais gur beag dul chun cinn atá déanta. Is cuid lárnach é de Chomhaontú Chill Rìmhinn (2006) í reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh. Deich mbliana thíos an líne tá pobal na Gaeilge go fóill ag sodar i ndiaidh bhunchearta daonna den chineál seo,” arsa Mac Giolla Bhéin.

I dtús an fhómhair, cuirfidh Conradh na Gaeilge an dlí ar an Fheidhmeannas san Ardchúirt ar an bhonn nár ghlac siad le straitéis na Gaeilge 2015 -2035, a aontaíodh ina gClár Rialtais deireanach. Socraíodh ar an Aoine 9ú Meán Fómhair mar lá an athbhreithnithe ina gcuirfidh an dá thaobh a gcuid fianaise chun tosaigh.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil siad sásta an cás a tharraingt siar má gheallann an Feidhmeannas go gcuirfidh siad an straitéis i bhfeidhm.

Close
Close