Deacrachtaí cíosa san Ardchathair

Deacrachtaí cíosa san Ardchathair

Tá géarchéim an chíosa i mBaile Átha Cliath faoi chaibidil againn ar bhosca na seachtaine seo agus na mílte mac léinn ag filleadh ar chúrsaí tríú leibhéal san ardchathair.

€1,205 atá a íoc ar a mheán ar árasán, agus €1,325 ar a mheán ar theach, i mBaile Átha Cliath de réir an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.

Is figiúr é seo atá i bhfad chun tosaigh ar rátaí cíosa ar fud na tíre.

Tá an seachtú cuid de dhaonra na tíre ina gcónaí i dtithe nó árasáin ata ar cíos acu, líon atá imithe in airde ó thréimhse an chúlaithe eacnamaíochta.

Labhair muid le beirt daoine óga gairmiúla, John Ó Liodáin agus Cian Mac Carthaigh, a raibh a ndúshláin féin acu agus iad ag tabhairt faoi mhargadh an chíosa…

Deacrachaí cíosa
Close
Close