Daltaí scoile ag impí ar Metrolink athsmaoineadh a dhéanamh ar a phleananna

Léirsigh na céadta dalta ó Scoil Chaitríona agus Scoil Moibhí i bpáirc imeartha CLG Na Fianna, atá lonnaithe i nGlas Naíon i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, inné agus iad ag impí ar Metrolink athsmaoineadh a dhéanamh ar an ionad tollta atá molta acu in aice na scoileanna.

Rinne na daltaí scoile an t-aistear gairid ó na seomraí ranga atá acu chuig an suíomh atá molta ag Metrolink don obair ar an iarnród faoi thalamh.

Chruthaigh daltaí Scoil Chaitríona dhá shlabhra daonna thart ar pháirc imeartha Na Fianna chun méid an dá pholl ollmhóra a bheadh le tochailt sa pháirc a léiriú. 

Deirtear go mairfidh an obair thochailte ar feadh 6 bliana ar a laghad.

Dé réir mholadh Bonneagar Iompair Éireann (BIE), beidh an tolladh, agus stáisiún faoi thallamh, lonnaithe ar fhearainn CLG Na Fianna.

Ag an phointe is gaire, beidh an t-ionad tógála dhá mhéadar ó sheomra ealaíne i Scoil Chaithríona agus cúig mhéadar ó sheomra na naíonán sóisir i Scoil Moibhí.

Tá an bheirt phríomhoide sa dá scoil, chomh maith le múinteoirí agus tuismiteoirí, buartha faoi shláinte na ndaltaí agus fhoirne na scoileanna má ghlactar le moladh Metrolink.

Níl aon duine acu i gcoinne an Metrolink ach ní ar an suíomh ina bhfuil an dá scoil seo lonnaithe ó bhí na 1970í ann.

Chuir an bheirt phríomhoide fáilte foimh thuairimí an Taoisigh, Leo Varadkar, sa Dáil Dé Máirt nuair a d’iarr sé ar BIE agus ar an Údarás Náisiúnta Iompair láthair úr a roghnú don togra, ach mar sin féin thug se le fios go raibh an comhairliúchán poiblí ag leanúint ar aghaidh.

An 11ú den mhí seo an spriocdháta le haghaidh aignheachtaí.

Close
Close