'Creidim Í'


Fuair giúiré na himreoirí rugbaí Paddy Jackson, Stuart Olding, Blane McIlroy agus Rory Harrison neamhchiontach i gCúirt Chorónach Bhéal Feirste an tseachtain seo caite.

Cuireadh i leith Jackson agus Olding gur éignigh siad bean 19 mbliana d’aois le linn cóisir tí i dteach Jackson i Meitheamh 2016.

An lá i ndiaidh chinneadh na cúirte, tháinig na sluaite amach ar na sráideanna i mbailte móra ar fud na tíre le cur in iúl go raibh siad ag seasamh gualainn ar ghualainn leis an bhean óg, agus gur chreid siad í.

Chruinnigh mná agus fír i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste agus áiteanna eile lena míshástacht a léiriú.

Close
Close