Comórtas Náisiúnta Treabhadóireachta na hÉireann - 84 bliain ag fás

Comórtas Náisiúnta Treabhadóireachta na hÉireann - 84 bliain ag fás

Is i Ráth an Uisce i gCo. Laoise atá an Comórtas Náisiúnta Treabhadóireachta ar siúl i mbliana.

Thosaigh an comórtas an chéad lá ariamh sa bhliain 1931 nuair a d’éirigh argóint idir beirt fheirmeoirí faoi cé hiad na treabhadóirí is fearr a bhí sa tír ag an am.

Bhí costas thart ar €9 chun an comórtas a reachtáil san am, sin i gcomparaáid le costas €4 milliún sa lá atá inniu ann.

Tá lucht eagraithe an chomórtais ag dúil go mbeidh thart ar 280,000 duine ag freastal i mbliana mar a bhí anuraidh.

Tá blaiseadh d’achan ghné de shaol na tuaithe le fáil ag an chomórtas: taispeántais, treallamh agus ainmhithe agus neart bia agus dí den scoth.

Tá 1,500 seastán ann i mbliana agus dóchas acu go mbeidh an gnó chomh maith céanna is a bhí sé anuraidh agus €36.5 milliún caite thar na trí lá.

Ba é an tUachtarán Michéal Ó hUiginn a d’oscail an comórtas go hoifigúil Dé Céadaoin.

Labhair Meon Eile leis agus le go leor eile faoi thraidsiún an chomórtais agus faoin imní atá ar fheirmeoirí…

Comórtas Náisiúnta Treabhadóireachta na hÉireann
Close
Close