Cén déantús a mbeidh ar an chéad rialtas eile?

Cén déantús a mbeidh ar an chéad rialtas eile?

Agus sinn ag amharc ar thoradh an olltoghcháin – agus go leor míshuaimhnis agus imní le braistint mar gheall ar chomh neamhchonclúideach is atá sé, gan aon rialtas cinnte le feiscint ós ár gcomhair – ní mór dúinn meabhrú go bhféadfadh an scéal bheith níos measa. Ní gá ach féachaint siar trasna an Atlantaigh uainn mar a bhfuil Donald Trump, an milliúnaí mire, ag sodar leis go cathréimeach i dtreo an Tí Bháin sa toghchán uachtaránachta ansin.

Is ag amanna mar seo is féidir le hionadaithe tofa a dtuarastail ollmhóra a shaothrú. Tá gnó na vótairí déanta – agus mairg don té a thabharfadh orainn feachtas eile a fhulaingt sula mbeidh ceithre nó cúig bliana caite. B’fhéidir nach bhfuil polaiteoirí ná tráchtairí iomlán sásta leis an toradh.

Cé go bhfuil buaiteoirí cinnte ann – Fianna Fáil, Sinn Féin, an tAontas Frithdhéine/An Pobal Roimh Bhrabhús agus eile – agus caillteoirí cinnte lena gcois – Fine Gael, an Lucht Oibre agus, ar éigean gur fiú iad a lua, Renua – níl sé soiléir cé a bheidh sa Rialtas amach anseo. Agus seo á scríobh, tá sé á thuar go mbeidh Fine Gael ar ais i gcumhacht de bhrí gurb é an páirtí é leis an líon is mó suíochán go fóill, in ainneoin a chailliúintí, agus go mbeidh Fianna Fáil ag tacú leo a fhad is go gcuireann siad i bhfeidhm polasaithe Fhianna Fáil.

Tá cúrsaí díreach mar a bhí roimh an olltoghchán mar sin, nó chaith Fine Gael na cúig bliana dheireanacha ag rialú de réir an teimpléid a leag Fianna Fáil ar an gcóras polaitiúil roimh an gcliseadh is mó i stair an stáit.

Más amhlaidh gur rialtas sealadach a bheidh againn go ceann tamaill (agus nach cuí sin agus comóradh á dhéanamh ar an gcéad rialtas sealadach, sínitheoirí Fhorógra na Cásca, laistigh de chúpla seachtain) d’fhéadfá a rá gur rialtas coinníollach a bheidh againn má thagann Fianna Fáil agus Fine Gael ar shocrú de réir mar atá á thuar. Sa chúinse seo, tá sé tábhachtach gan Rialtas Coinníollach a bheith ann taobh le Rialtas Conghaileach nó dá sóisialaí a raibh Fianna Fáíl le linn do Bhertie Ahern bheith ina Thaoiseach, ní bheidh sé amhlaidh agus Mícheál Martin ar chúl téarmaí ag tabhairt orduithe don ‘Taoiseach’, Enda Kenny.

Rogha eile atá á lua ag tráchtairí éagsúla – daoine ar cheart níos mó céille a bheith acu i ndáiríre – ná an cineál rialtais a léirítear sa tsraith dhrámaíochta Dhanmhairgeach, Borgen. Sraith dhrámaíochta pholaitiúil é seo a thugann léargas drámatúil ar an bPríomh-Aire álainn, cumasach, Birgit, atá i réim sa Borgen (Teach Laighean Copenhagen) agus ar na margaí a dheineann sí lena comhpháirtithe rialtais ó lá go lá chun fanúint i gcumhacht.

An difir idir sinne agus an Danmhairg ná go bhfuil córas rialtas áitiúil an-chumhachtach acu sa Danmhairg, rud a fhágann na páirtithe sa pharlaimint náisiúnta saor le díriú ar cheisteanna náisiúnta. In Éirinn, is beag an chumhacht atá ag na comhairlí áitiúla agus fágann sé sin go mbíonn mórchuid gníomhaíocht pholaitiúil a bhaineann le ceisteanna paróistiúla ag titim amach ag leibhéal na Dála. D’fhéadfadh rialtas Borgen in Éirinn titim as a chéile de dheasca gan poill sna bóithre bheith i gceantar Chill Gharbháin i gContae Chiarraí, is é sin Borgen Danny agus Michael Healy-Rae!

Cad é atá i ndán dúinn, mar sin? An mbeidh rialtas seasmhach againn go brách arís? Cé a deir gur rud maith é rialtas seasmhach ar aon nós? Cé a deir gur chun ár leasa é rialtas ar bith bheith ann? Mhair pobal na Beilge ar feadh cúig nó sé bliana gan rialtas; bhí toghchán sa Spáinn roimh an Nollaig agus níl rialtas tofa ansan go fóill. Níl rith tarluithe ar na bainc i gceachtar tír go fóill.

Ba cheart dhá iarmhairt, ar a laghad, bheith mar thoradh ar an riocht ina bhfuilimid anois. Sa chéad dul síos, ba cheart go dtiocfadh gach páirtí de chuid na heite clé le chéile agus a gcuid argóintí inmheánacha a chur ar leataobh ar mhaithe le gluaiseacht cheart aontaithe a chur ós comhair an phobail agus sa fhreasúra in éadan an dá mhórpháirtí, más gá, FF agus FG.

Agus sa dara dul síos, tá sé in am féachaint go dian ar athshamhlú ó bhun go barr a dhéanamh ar an slí a ndéantar rialú ar an dtír seo le go mbeidh níos mó daoine ábalta bheith páirteach ann. Is múnla é an córas páirtithe atá againn a bunaíodh sa 18ú haois. Seo sinn sa 21ú haois agus tá gá le cur chuige stuama, ciallmhar atá in oiriúint don aois agus don am atá le teacht. Nach é sin an ceacht ba cheart dúinn a bhaint as Vóta 2016?

Close
Close