Bronnadh na gcéimeanna - ca háit anois do na céimithe múinteoireachta?

Le bronnadh na gcéimeanna faoi lán seoil in ollscoileanna na tíre, tá céimithe óga ar thóir na fostaíochta.

Ní héacht beag é post lánaimseartha a bhaint amach sna cúinsí reatha eacnamaíochta, agus ní héacht níos lú é más céimí nua thú atá ag cuartú do chéad phost ghairmiúil.

Labhair Shane Ó Curraighín le céimithe nua múinteoireachta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, ar na maillibh faoin dúil agus faoin dóchas atá acu don tréimhse amach rompu.

Bronnadh na gcéimeanna
Close
Close