An geilleagar ag croí mhórthoghchán SAM

Obama agus Romney
Obama agus Romney

Nioclás Mac Cathmhaoil – San Francisco, SAM

Gach ceithre bliana toghtar uachtarán anseo i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus gach ceithre bliana ní bhíonn le fáil ar aerthonnta agus ar scáileáin teilifíse na tíre seo ach caint ar an toghchán chéanna.

Níl éalú ar bith ón rud fiú ar na sráideanna, nó sna bruachbhailte ciúine, mar a bhfuil greamaitheoirí ar gach dara carr, agus comharthaí i gcuid mhór gairdíní mar an gcéanna ag iarraidh a mhaíomh gur neamhaingil gan smál an t-iarrthóir seo, nó gur diabhal ifrinn é an duine eile.

Ar 6 Samhain, go deimhin, toghfar uachtarán anseo i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá cúigear go fóill san iomaíocht do thoghchán na huachtaránachta i mbliana, atá le tarlú ar 6 Samhain, ach, mar an gcéanna leis na toghcháin in Éirinn agus i Sasana, is idir beirt a throidfear an cath sa deireadh.

Is iad Barrack Obama ón pháirtí Daonlathach agus Mitt Romney ón pháirtí Poblachtánach an dá iarrthóir seo ar ndóigh agus beidh sciar níos mó ná 93% den vóta iomlán acu deireadh.

I dtaca le luí polaitíoch na bpáirtithe seo de, braitear anseo go seasann Romney agus na Poblachtánaithe i dtreo an láir ar an eite dheis, agus go seasann Obama i dtreo an láir ar an eite chlé.

Tá vóta níos láidre ag Obama sna mórcheantracha uirbeacha, i measc daoine óga agus i measc na bpobal mionlaithe.

Is sna stáit tuaithe agus thart faoi ‘Beilt an Bhíobla’ is mó a fhaightear lucht tacaíochta Romney.

Fágann an leagan amach déimeagrafach agus geografach seo go bhfuil cúpla stát ann nach bhfuil taobhú go sonrach le ceachtar den dá champa.

Tugtar ‘láithreáin chatha’ ar na stáit seo .i. Florida, Ohio, Wisconsin, Virginia agus Colorado.

Beidh an bua sa deireadh ag cár bith fear a thabharfas leis an tromlach sna stáit seo.

Ní hiontas ar bith é, mar sin, go mbeidh an bheirt acu ag caitheamh bunús a gcuid ama idir seo agus 6 Samhain ag taisteal thart ar na ceantracha seo ag iarraidh a gcás féin a chur chun tosaigh.

Is í an ghné is suntasaí sa pholasaí airgeadais atá ag Obama de réir dealraimh, ná go bhfuil sé i gceist aige buntáistí cánach a thabhairt do dhaoine atá ag dul don oideachas lánaimseartha, agus go bhfuil sé i gceist ag Romney níos mó neamhspleáchais a thabhairt do ghnónna móra le forbairt a dhéanamh agus fostaíocht a chruthú.

Baineann na ceisteanna móra eile leis na cogaí sa Mheánoirthear, leis an árachas liachta agus leis an ghinmhilleadh.

Pléitear ceist an ghinmhillte i ngach toghchán, agus is ceist í a scoilteann an pobal go mór. Ní dócha, mar sin féin, go mbeidh dul i bhfeidhm rómhór ag seasamh na bpáirtithe ar an ghinmhilleadh ar an toradh deiridh.

Is é an rud is mó le fada ag déanamh imní don ghnáthdhuine anseo san am i láthair nó an geilleagar.

Cár bith fear atá ábalta cur ina luí ar an 7% sochomhairleach sin sa lár gurb é féin is fearr a chuirfeas crot ar an gheilleagar, is é sin an fear a bhéarfeas leis an chraobh sa deireadh.

Sa phobalbhreith is déanaí, tuairiscíodh go bhfuil Obama 2% chun tosaigh ar Romney agus glactar leis gurbh eisean fosta a bhain an díospóireacht a tharla oíche Mháirt seo caite.

Mar sin féin, tá cúngú i ndiaidh theacht ar an bhearna atá idir Obama agus Romney le mí anuas.

Is cinnte go mbeidh an dá thaobh ag troid go crua go dtí an bhomaite deiridh, agus cá bhfios nach dtiocfaidh cor nua ar an scéal idir seo agus lá an toghcháin.

Close
Close