Agóid in Éadan na dTóraithe

Thit an cheád lá de chomhdáil na dTóraithe amach ag deireadh na seachtaine agus tháinig pobail Bhéal Feirste le chéile chun agóid a dhéanamh in éadan an pháirtí. Slua mór a tháining amach, bhí baill de People Before Profit, An Dream Dearg, Unison agus PSC ina measc. Bhí an teachtaireacht shoiléir ó na daoine a bhí ann - ní ghlacfaidh said leis na ciorruithe stáit ná le bac ar chearta s’acu níos mó.

Tá gearradh déanta ag na tóraithe ar an méid airgid atá ar fáil do phobal an tuaiscirt i dtaca le hoideachas agus sláinte.

Lena chois sin ní thacaíonn siad le hAcht Gaeilge agus cearta teanga an phobail Ghaelaigh. Is iad na rudaí seo a bhí ar chlár na hagóide i lár na cathrach i mBéal Feirste.

De réir tuairisce ó Roinn na bPobal (Department for Communities) a d'fhoilsigh siad i mí Lúnasa tá bochtanas i dtuaisceart na hÉireann ag laghdú.

"In 2015-16, 17% of individuals were considered to be in relative poverty and 15% were considered to be in absolute poverty. These are statistically significant decreases from 22% and 20% respectively in 2014/15."

(Department for communities 17/08/2017) 

Léiríonn an tuairisc sin go fóill go bhfuil fíorbhochtanas i measc an phobail anseo agus caithfear an cheist a chur faoin dóigh a rachfaidh na daoine atá ag streachailt go mór le haigread i ngleic leis na ciorruithe. 

Beidh le feiceáil má tá cearta an phobail Ghaelaigh agus an mhórphobail araon ar chlár na dTóraithe i mbliaina ach faoi láthair de réir lucht na hagóide go mbeidh cosa ar na sráide go dtí go n-éisteann an rialtas leo.

Close
Close