Ag cruthú dóchais do dhaoine gan dídean

Ag cruthú dóchais do dhaoine gan dídean
Ag cruthú dóchais do dhaoine gan dídean / Sarah de Búrca

Léirítear sna cáipéisí reachtúla do dhaoine gan dídean go bhfuil an fhadhb tar éis fás go mór le seacht mbliana anuas i dtuaiscart na hÉireann, le daoine chómh hóg le 16 fágtha gan bhaile.

Na fáthanna is mó a mbíonn daoine fágtha gan dídean ná mar gheall ar scaireadh caidrimh, foréigean teaghlaigh, tinte i dtithe agus nuair a ligtear daoine amach as príosún.

Sa bhliain 2001, agus iad ag comhdháil do dhaoine gan dídean in Cape Town, shocraigh Mel Young as Albain agus Harald Schmied ón Ostair go raibh rud éigin faoi leith ag teastáil chun cabhrú agus dóchas a thabhairt do dhaoine gan dídean.

Bhunaigh siad Corn Domhanda Sacair agus bhí an chéad chomórtas ar siúl san Ostair sa bhliain 2003. Lean sé ar aghaidh ó shin agus anois bíonn daoine gan dídean chomh maith le lucht iarrtha tearmainn agus daoine le míbhuntáistí ag imirt sacair mar chuid den phróiseas chun a saol a fheabhsú.

Tá neart buntáistí ag baint le sacair a imirt do dhaoine gan dídean. Bíonn tú mar bhall d’fhoireann, bíonn daoine ag brath ort, faigheann daoine an deis a bheith muiníneach astu féin chomh maith lena gcomhghleacaithe.

Is é an Belfast Street League an chéad sraith i dTuaisceart Éireann agus tá ag éirí go han-mhaith leis. Bíonn bainisteoir Hosford, Aidan Byrne ag reachtáil seissiúin sacar gach Aoine do daoine gan dídean. Is brú é Hosford do dhaoine gan dídean atá lonnaithe i lár cathair Bhéal Feirste.

Tá fáilte roimh aon duine le míbhúntáistí ag na seisiúin traenála agus bíonn traenáil ar siúl gach Aoine idir 2 agus 4. Chun níos mó eolais a fháil téigh chuig http://nistreetleague.co.uk/

Close
Close