Ag Buanú Phobail Ghaeltachta: "Ní neart go cur le chéile"

Is i Rann na Feirste i dTír Chonaill a bhí Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i mbliana.

Rinneadh an tionól a oscailt go hoifigiúil oíche Déardaoin in Áislann Rann na Feirste agus Uachtarán an Chonartha, an Dr Niall Comer, agus an Dr Pádraig Ó Baoighil, as Rann na Feirste ó dhúchas, i láthair.

Bhí meascán mearaí d’imeachtaí á reáchtáil mar chuid den deireadh seachtaine, ach is é seimineár an tionóil a tharraing an aird is mo: ‘Ag Buanú Phobail Ghaeltachta’.

I measc na n-aoichainteoirí bhí Colm Ó Cearúil, Dúchas na nGael; Hannah Ní Dhoimhín, Comhairleoir Pleanála Teanga do Limistéir Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Co. Dhún na nGall; Hannah Rua Ní Bhaoill, Gníomhaí Pobail; agus Áine Ní Bhreisleáin, Eagraí Thír Chonaill Aonach Tailteann agus RTÉ RnaG.

Rinneadh plé ar chiorruithe Údarás na Gaeltachta, cúrsaí pleananna teanga, an ráta ard dífhostaíochta fán cheantar, tionchar na himirice ar an phobal agus eile...


Ag caint le linn an tseimineáir dúirt Niall Comer go raibh Conradh na Gaeilge anois dírithe ar chás na nGaeltachtaí agus raibh siad sásta an fód a shásamh le muintir na Gaeltachta.

Pléadh seo i gcomhthéacs fhigiúirí Dhaonáireamh 2016, a léirigh gur tháinig laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht idir 2011 agus 2016 (15.8% i nGaeltacht Thír Chonaill).

Chomh maith leis seo léirigh suirbhé a rinne Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt gur Béarla is mó a bhíonn á labhairt sa bhaile ag 56% de pháistí an cheantair.

Beidh cruinniú poiblí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i dTír Chonaill ar an 9ú Mean Fómhair le plé a dhéanamh ar na ceisteanna agus na hábhair is mó atá ag cur as do phobail na Gaeilge agus Gaeltachta na contae.

Close
Close