Dhá lá le dul: Ar cheart an t-ochtú leasú ar an mbunreacht a aisghairm nó a choinneáil?

Dé hAoine beag seo caithfidh muintir Phoblacht na hÉireann vóta i reifreann ina gcuirfear ceist orthu faoin ochtú leasú ar an mbunreacht a aisghairm nó a choinneáil, leasú ina dtugtar an t-aitheantas céanna do bheatha na mná agus an pháiste/an fhéatais atá á iompar aici.

Ó fogróidh dáta an reifreann tá polaiteoirí, dochtúirí, feachtasóirí agus daoine mór le rá i ndiaidh labhairt amach ar son agus i gcoinne an 8ú leasú a aisghairm.

Tá daoine ón dá thaobh tar éis a bheith i mbun stocaireachta fud fad na tíre, ag gabhail ó dhoras go doras ag insint do dhaoine cad chuige ar chóir daofa a bheith ag votáil Tá nó Níl ar an 25ú lá den mhí seo.

Dé réir na pobalbhreithe is déanaí de chuid The Sunday Business Post, tá 56% ar son an t-ochtú leasú a aisghairm, tá 27% ar son an leasú a choinneáil agus tá 14% idir dhá chomhairle go fóill.

Cuireann pobalbhreith de chuid The Irish Times lucht ‘Tá’ chun tosaigh fosta.

Ach deir an Taoiseach, atá amuigh ag canbhasáil i gcuideachta an Aire Sláinte Simon Harris ar son votáil Tá, go mbeidh an reifrean teannta, agus é ag impí ar dhaoine vótáil ar son an t-ochtú leasú a aisghairm.

Ach cén torradh a bheas ann Dé hAoine? An bhfuil do chinneadh déanta agat féin faoin dóigh a mbeidh tú ag caitheamh do vóta…?

Labhair muid le beirt bhan óga ón dá thaobh atá ag feachtasaíocht go dian. Insíonn siad beirt cén dóigh agus cén fath a mbeidh siad ag votáil ar an Aoine.

Close
Close