'Valentine' le Lucy Bell

D’fhás an t-amhránaí agus cumadóir ceoil óg Lucy Bell aníos i nDún Pádraig, Contae an Dúin, agus í ag teacht i réim i saol an cheoil i dtuaisceart na tíre agus níos faide anonn, cé nach bhfuil ach seacht mbliana déag slánaithe aici.  

Bronnadh an duais mhór aitheantais ‘Panart’s Young Songwriter of the Year 2017’ ar Lucy as a cuid cumadóireachta ceoil agus í ag dul anonn anois go Nashville, Tennessee ag deireadh mhí an Mhárta le seinm sa chaifélann chlúiteach ‘Bluebird Café’. 

Bhí bliain an-ghnóthach aici in 2017 le hagallaimh déanta aici le Irish TV, na stáisiúin raidió áitiúla Cool FM, BBC Raidió Uladh agus ceolchoirmeacha chomh maith ag an fhéile Sunflower, ar Oíche Chultúir i mBéal Feirste agus tuilleadh eile nach iad. 

Tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh bliain níos gnóthaí ag Lucy in 2018 cheana féin agus a céad albam dar teideal ‘Valintine’ le héisiúint ag tús na míosa seo chugainn. 

Bhí deis ag Meon Eile seal cainte a dhéanamh le Lucy faoin mhéid atá bainte amach aici go dtí seo, faoi na pleananna atá aici don todhchaí agus le cluas éisteachta a thabhairt dá cuid cumadóireachta agus a glór binn draíochta. 

Le haghaidh a thuilleadh eolais faoi Lucy Bell lean na nascanna seo thíos:

Facebook - www.facebook.com/lbellmusic

Youtube - www.youtube.com/c/lucybell

Twitter - @LucyBellMusic

Instagram - @LucyBellMusic

Ár mbuíochas le Cumann Chluain Árd a lig dúinn taifeadadh san ionad.


Close
Close