Taispeántas speisialta le Seán Cathal Ó Coileáin le feiceáil sa Ghailearaí in Áislann Ghaoth Dobhair


Seoladh taispeántas speisialta gan ainm, gan teideal, le Seán Cathal Ó Coileáin sa ghailearaí in Áislann Ghaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine. 

Seo an chéad taispeántas de chuid Seáin atá ag obair mar stiúrthóir cruthaitheach le TG4 agus obair mhór ar bun aige ann.

Ach tá cumas ealaíne ar leith ag Seán Cathal agus tá sin le feiceáil go soiléir sa taispeántas seo.

Tá a chuid ealaíne slachtmhar, álainn, cumhachtach. Cuirfidh a shaothar tú ag smaointiú agus ag caint agus an t-ábhar atá le feiceáil ann.

Bhí Áine Ní Churráin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar bhean an tí ar an oíche agus ba é Ciarán Mac Gonigal a d’oscail an taispeántas go hoifigiúil os comhair an tslua bhreá a bhí i láthair.

Tugadh aitheantas speisialta do mháthair Sheáin, Betty, ar an oíche as an tacaíocht agus an spreagadh a thug sí dó ó bhí sé ina ghasúr óg.

Close
Close