Spraoi ar Shráid an Mhúraigh

Bhí lá mór spraoi do gach aoisghrúpa, idir óg agus liath, ar Shráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Eagraithe ag Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Mícheál Mac Donncha, i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Bhaile Áth Cliath, bhí sé mar sprioc aige ceiliúradh a dhéanamh ar stair agus ar chultúr na sráide.

Tá stair an-suntasach bainteach le Sráid an Mhúraigh mar is anseo a chaith ceannairí Éirí Amach na Cásca 1916 a gcuid laethanta deireanacha sular ghéill siad do na Sasanaigh.

Cé go bhfuil Uimhreacha 14-17 Sráid an Mhúraigh faoi réir Ordú Caomhantais faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, cuireadh iarratas cead pleanála isteach ag iarraidh ionad siopadóireachta úr a thógáil ar an dá thaobh de na tithe seo.

Ó shin tá coiste ‘Save Moore Street’ agus eile i mbun feachtais in éadan an iarratais agus iad ag moladh gur chóir go mbeadh an ceantar uilig caomhnaithe faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta agus go mbeadh athfhorbairt déanta ar an cheantar mar áit stairiúil agus turasóireachta.

Anuraidh chinn an Ard-Chúirt gur cheart an chuid sin do Shráid an Mhúraigh atá ainmnithe mar Shéad-Chomhartha Náisiúnta a bheith níos leithne ná mar atá sé ag an Aire Ealaíon agus Cultúrtha, Heather Humphreys.

Tá Rialtas na hÉireann ag déanamh achomhairc in aghaidh rialú na hArd-Chúirte. Tiocfaidh an cás seo os comhair na cúirte le linn mhí na Nollag.

Cé go bhfuil achomharc á dhéanamh ag an rialtas, dúirt an tAire Humphreys go bhfuil “bealach chun cinn atá bunaithe ar chomhaontú á lorg acu”.

Is dá bhrí sin a cuireadh tús le Grúpa Comhairliúcháin Shráid an Mhúraigh leis an phróiseas a bhrú chun cinn.

Close
Close