Siompóisiam ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna ar an Iúr

Siompóisiam ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna

Tá siompóisiam ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna faoi lán seoil i nGaeláras Mhic Ardghail in Iúr Chinn Trá, idir seo agus tráthnóna Dé hAoine.

Deartháir a bhí i Séamuis le Seosamh agus Seán Bán Mac Grianna, teaghlach mór scríbhneoireachta as Rann na Feirste i gcaitheamh an chéid seo caite.

Thar thréimhse 15 bliain a chuir Séamus Mac Grianna mórchuid a shaothair de, leithéidí: An Drúma Mór, Mo Bhealach Féin, Filí Gan Iomrá agus Dá mBíodh Ruball ar an Éan. Meastar milliún go leith focal a bheith sna leabhair a d’aistrigh sé don Ghúm i rith 1925-32, dar le ainm.ie.

Liosta le háireamh iad na haoi-chainteoirí atá le scagadh a dhéanamh ar scríbhneoireacht Mhic Grianna an tseachtain seo. Is é príomhthéama an tsiompóisiam ná ceangal Mhic Grianna le ceantar Oirghialla.

I samhradh 1935, thug Mac Grianna cuairt ar Ghaeltacht dheireanach Chúige Laighean in Ó Méith Mara agus bhí sé ag teagasc i gColáiste Bhríde. Is ann, trí thionchar an Athar Uí Mhuirí, a chuir sé eolas ar fhilí Oirghialla ón ochtú haois déag – Séamas Dall Mac Cuarta, Peadar Ó Doirnín, Art Mac Cumhaigh agus Cathal Buí Mac Giolla Ghunna.

Beidh dráma, bunaithe ar shaothar Mhic Grianna, á léiriú ag Noel Ó Gallchóir i nGaeláras Mhic Ardghail anocht ag a 7in. Tráthnóna amárach tabharfaidh an Dr. Art Hughes léargas ar an aistriúchán atá déanta aige ar An Drúma Mór.

Tá lucht eagraithe an tsiopóisiam ag súil go mbeidh imeacht acadúil den chineál seo á sholáthar sa Ghaeláras gach samhradh feasta.

Tá tuilleadh eolais ar imeachtaí an tsiompóisiam le fáil ó Ghaeláras Mhic Ardghail (028 3025 7812).

Close
Close