Seanfhocail aistrithe go hEmojis!

Eoin P. Ó Murchú

Tá a n-áit féin ag seanfhocail i dteanga na hÉireann agus tá an-tábhacht ag baint leo thar an mbunbhrí atá iontu. Déanann siad saibhreas a sheachadadh ó ghlúin go glúin, saibhreas teanga anuas ar an saibhreas smaointeoireachta. Conas eile go dtuigfeá nach drochrud gach gaoth a shéideann ort? Conas go mbeadh a fhios agat go bhféadfadh béal srón a bhriseadh agus conas go mbeadh eolas agat ar an laghdú a thagann ar fhad bóthair i gcóimheas leis an méid daoine atá ag siúl an bhóthair chéanna? Níl aon bhealach go bhféadfá, ambaist!

Tamall ó shin anois chuireamar in bhur láthair sraith de sheanfhocail athraithe ina n-emojithe. Thaitin siad chomh mór sin libh gur bheartaíomar an dara baisc acu a chur faoi bhur mbráid. An mbeidh sibh in ann iad a oibriú amach? Tá na hEmojithe tar éis dul chun cinn mór a dhéanamh ó bhíomar ag caint go deireanach orthu. Glactar leo mar Bhéarla anois, agus focal na bliana ag Oxford Dictionaries ná an picteagraf(thíos), ar a dtugtar go hoifigiúil, ‘aghaidh le deora áthais’ cé gur dócha go mbaintear úsáid as le gáire sna tríthi a chur i gcéill de ghnáth.

Roghnaíodh é mar an ‘focal’ is mó a dhéanann ionadaíocht ar atmaisféar agus spéiseanna na bliana 2015 ó thaobh focal. Ní deacair sin a thuiscint agus an borradh millteach a tháinig orthu sa bhliain chéanna. Is cosúil gurbh é a bhí in 20% de na hemojithe ar fad a seoladh sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 2015 agus 17% acu sin i Meiriceá agus níl aon amhras ach go bhfuil sé in úsáid go rímhinic sa Ghaeilge chomh maith.

emojithe
emojithe

Ó thaobh na n-emojithe is cosúil go bhfuil lá na nGael tagtha agus seamróg agus brat dár gcuid féin ar fáil dúinn anois. Bhí alt ag an gCoimíneach thall i dTúir Tuairisc.ie ar an ábhar seo.

http://tuairisc.ie/brat-na-heireann-agus-an-tseamrog-i-measc-straoiseoga-nua-whatsapp/

Mar sin má tá na hemojithe le teacht isteach nárbh fhearr dúinn iad a chur in úsáid agus a chinntiú go bhfuil sin againn féin sa Ghaeilge chomh maith, agus cén úsáid is fearr ab fhéidir a bhaint astu ach le roinnt den saibhreas atá folaithe sna seanfhocail a chur ar aghaidh. An féidir leatsa iad ar fad a aithint? Cá bhfios ach go mb’fhéidir go bhfoghlaimeofá seanfhocal nua!

Seanfhocail
Seanfhocail

Freagraí thíos!

1. Is binn béal ina thost.

2. Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn na lucha ag rince.

3. Is minic ciúin ciontach.

4. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

5. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.

6. Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin.

7. Is fearr rith maith ná drochsheasamh.

8. Maireann croí éadrom i bhfad.

9. An rud a théann i bhfad téann sé i bhfuaire.

10. Bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear.

Close
Close