Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil

Seoladh Sheachtain na Gaeilge / Sarah de Búrca

Tá Seachtain na Gaeilge 2013 faoi lán seoil anois.

Bhí an tAire Cultúir, Carál Ní Chuilín i láthair mar aon le neart aíonna eile don seoladh oifigiúil i bhFoirgnimh na Parlaiminte ag Stormont ní ba luaithe sa tseachtain.

Socraíodh go mbeadh an seoladh i bhFoirgnimh na Parlaiminte chun nasc a chruthú idir tuaisceart agus deisceart na tíre agus mar gheall gurb as Béal Feiriste é Paddy Barnes, ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

Déanann Seachtain na Gaeilge ceiliúradh mór ar an nGaeilge agus ár n-oidhreacht le neart imeachtaí teanga, ceoil, damhsa, litríochta agus cultúir le linn na tréimhse sin in ionaid éagsúla timpeall na tíre seo agus thar lear. Agus Bliain na Gaeilge á ceiliúradh mar aon le Tóstal Éireann i 2013, beidh Seachtain na Gaeilge 2013 ar an bhféile is idirnáisiúnta go dtí seo.

Beidh idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí na Gaeilge ó thíortha thar lear á mealladh go hÉirinn le páirt a ghlacadh sa spraoi ó 4 – 17 Márta 2013, áit a mbeidh imeachtaí spraíúla go leor ag spreagadh an phobail chun a gcuid Gaeilge a úsáid.

Is seachtain faoi leith í Seachtain na Gaeilge ar go leor bealaí mar sin, agus maireann sé ar feadh coicíse chomh maith!

Close
Close