Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ina Áras Nua

Tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain tagtha go ceann scríbe. Thriall na céadta ar an fhéile Ghaelach in áras nua an chumainn, Áras Mhic Reachtain, i dtuaisceart Bhéal Feirste le seachtain anuas.

Ba é seo an chéad bhliain don fhéile a bheith san ionad nua Gaeilge ar Bhóthar Aontroma, iar-chumann sóisialta na mBráithre Críostaí.

Breis agus 230 duine a chláraigh le ranganna Gaeilge na scoile samhraidh. Suas le míle duine a thug faoi na himeachtaí ceoil agus cultúrtha.

Bhí Meon Eile i lár na cuideachta ag an Lá Idirnáisiúnta nuair a rinneadh ceiliúradh ar bhia, ar cheol agus ar chultúr ó thíortha éagsúla.

Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2015
Close
Close