Sceideal an fhómhair seolta ag TG4 i nGaillimh - Agallamh le hArd-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont


























Ceapadh Alan Esslemont ina Ard-Stiúrthóir ar TG4 níos lú na bliain ó shín, agus tá sé ar an tríú ceannasaí ar an stáisiún ó bunaíodh é (TnaG) sa bhlian 1996.

D’oibrigh Alan le TG4 sna blianta tosaigh sular fhág sé chun dul ag obair le BBC Alba. Is ansin a bhí sé ag obair mar Cheannasaí Ábhar le Seirbhís Ghàidhlig BBC Alba, sular ghlac sé leis an phost is sinsearaí i TG4.

Ag labhairt leis an slua a bhí i láthair ag seoladh sceideal fómhair TG4 i nGaillimh ar an Luan, mhínigh Esslemont an fhís atá aige don stáisiún teilifíse agus an plean cúig bliana atá beartaithe acu.

Dúirt an tArd-Stiúrthóir go caithfear iarracht a dhéanamh freastal ar an “dá lucht féachana” atá ag TG4, is iad sin an pobal a bhfuil an Ghaeilge “mar ghnáth-theanga labhartha acu” agus an lucht féachana náisiúnta, nó “mórphobal féachana na tíre”.

Chuir sé béim ar leith ar an athrú atá tagtha ar an dóigh a n-amharcann muid ar ábhar físe sa lá atá inniu ann, go háirithe i measc na nglúnta is óige, agus go caithfear díriú ar an éileamh atá ann d’ábhar ar líne.

Tá sé de sprioc ag TG4 ardán úr a chruthú mar chuid de bhranda TG4, dírithe ar an aoisghrúpa 18-35.

Luaigh Alan gur tháinig méadú ar lucht féachana anuraidh, agus go bhfuil na huimhreacha sin ag méadú leis i mbliana, ach dúirt sé má tá an stáisiún chun a thuilleadh forbartha a dhéanamh, go bhfuil gá le hinfheistíocht bhreise ón rialtas.

Fuair muid deis cúpla bomaite comhrá a dhéanamh leis tar éis sheoladh sceideal úrnua an fhómhair.

Seo a bhí le rá aige...



Close
Close