Scéal na bProtasúnach agus an Ghaeilge foilsithe ag Gael Linn

D’áitigh an Dr Ruairí de Bléine gur cheart glacadh leis an Ghaeilge mar theanga oifigiúil ó thuaidh trí Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm agus é ag seoladh an leabhair ‘Aspects of a Shared Heritage’ ag Scoil Samhraidh John Hewitt in Ard Mhacha.

Cuirtear síos sa leabhar, a seoladh faoi choimirce Ghael Linn, ar scéal na bProtastúnach agus na bPreispitéireach i bhforbairt na Gaeilge ó thuaidh.

“Dá mbeadh ar an Chomhthionól titim, bheadh an Ghaeilge curtha siar tamalt. Gidh go gcaithfidh mé a rá gur faoi na Tóraithe nuair a bhí siad i gcumhacht a thosaigh a lán rudaí ar dtús,” arsa an tUasal de Bléine.

“Ag an am sin, chreid siad (na Tóraithe) gur cheart tacaíocht a thabhairt don teanga agus rudaí cultúrtha agus go mbeadh Náisiúntóirí ag tabhairt fuinneamh taobh thiar de sin gan an foréigin a úsáid. Sin an cineál teoirice simplí a bhí in úsáid ag an am.”

Seo roinnt den chaint a rinne de Bléine le linn sheoladh an leabhair…

Seoladh leabhair in Ard Mhacha
Close
Close