‘Rocky Ros Muc’ á thaispeáint ar an seanfhód

Bhí ómós agus dáimh a mhuintire féin tugtha do Sheán Ó Mainnín as a chuid éachtaí dornálaíochta i Ros Muc na Gaillimhe ar an tseachtain seo a chuaigh thart nuair a bhí lucht an bhaile agus eile cruinnithe le chéile don chéad taispeántas Éireannach den scannán faisnéise 'Rocky Ros Muc'.

Bhí meascán mothúchán idir bhrón, ardú croí, uaigneas, shíleadh deor agus ghreann le brath in aon scannán amháin agus saol agus saothar an Mhainnínigh á cheiliúradh oíche Chéadaoine seo caite.  

Bhí an premiere domhanda de ‘Rocky Ros Muc’ i mBostún i mí an Mhárta agus díoladh na ticéidí uilig don chéad taibhiú in Éirinn, ag Fleadh Scannán na Gaillimhe ar 12 Iúil, amach go scioptha gasta leis na sluaite ag teacht lena fheiceáil.

Socraíodh taispeántas eile a chur ar siúl Dé Domhnaigh de thairbhe an éilimh mhóir a bhí air.

D'éirigh le ‘Rocky Ros Muc’ gradam don 'Best Irish Feature Documentary' a bhaint ag an Fhleadh chomh maith.

Stiúraigh agus léirigh an comhlacht léiriúcháin Feirsteach Below the Radar an clár, an comhlacht céanna taobh thiar den suíomh seo.

Eiseofar an scannán sna Stáit Aontaithe agus deis aige cáiliú do na Academy Awards 2018 - an chéad uair ariamh ag scannán fiasnéise Gaeilge.

Is scannán é ‘Rocky Ros Muc’ a dhéanann cur síos ar shaol an Ghaillimhigh, Seán Ó Mainnín, dornálaí den chéad scoth a d’fhág Gaeltacht Ros Muc sna 70í lena aghaidh a thabhairt ar Bhostún. 

Scrúdaíonn an scannán an spiorad a bhain le bheith ag troid sa chró mar dhornálaí gairmiúil agus an saol a bhí ag an Mhainníneach lasmuigh de chomh maith - bhí a chuid céilí speárála sa giom ag croílár dhrong Whitey Bulger agus domhan na coiriúlachta. 

Rinneadh an scannán faisnéise i gcomhar le Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, TG4, Bord Scannán na hÉireann, Údarás Craolacháin na hÉireann agus MG Alba.

Close
Close