Red Box Recording - stiúideo taifeadta i mbarr a réime

Red Box Recording - stiúideo taifeadta i mbarr a réime

Inniu ar Meon Eile, tá sraith úr againn daoibh ina gcuireann muid an solas ar ghnónna le Gaeilge.

Red Box Recording lonnaithe i mBéal Feirste agus is é an ceoltóir agus láithreoir clúiteach, Dónal O’Connor atá mar chomh-bhunaitheoir, léiritheoir agus innealtóir ann.

D’aithneófá Dónal ón ghrúpa At First Light agus ó chláracha raidió agus teilifíse ar nós An Stuif Ceart agus Ceol ag Celtic.

Labhair Meon Eile leis faoin ghnó agus faoina shuim féin sa chinéal seo oibre.

Red Box Recording - stiúdió taifeadadh i mbarr a réime

Bíonn réimse leathan de sheirbhísí á sholáthar ag Red Box Recordings, agus tá albam úr Barry Kerr, “Boy in a Boat”, taifeadta agus léirithe acu le déanaí.

Chomh maith leis sin, tá an comhlacht ag obair le Clann Mhic Ruairí, a bhí ar an láthair agus muid ar cuairt.

Is amhrán nua-chumtha atá le cloisteáil san fhíseán.

Bígí linn ar an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh físeán againn faoi Óga Yoga.

Close
Close