Oíche Litríochta na mBan i dTeach an Ardmhéara

Oíche cheiliúrtha agus spreagúil a bhí san oíche litríochta i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath ar Lá Idirnáisiúnta na mBan an tseachtain seo caite.

Bhailigh slua ar an oíche chun giotaí de scéalta agus dánta ó bheirt bhan déag a chloisteáil.

Is í Réaltán Ní Leannáin a eagraíonn an oíche a thosaigh dhá bhliain ó shin le tacaíocht ó Ardmhéara na huaire sin, Críona Ní Dhálaigh.

Lean Ardmhéara reatha Bhaile Átha Cliath, Mícheál Mac Donncha, leis an traidisiún sin i mbliana.

Chomh maith le scríbhneoirí foilsithe, bhí scríbhneoirí úra, foghlaimeoirí Gaeilge, bean ón tSlóivéin agus beirt a bhain duaiseanna ag comórtas slamfhilíochta Liú Lúnasa i mbliana.

Bhí Meon Eile i láthair ag an oíche litríochta agus labhair muid le cuid acu siúd a bhí páirteach sa cheiliúradh.

Close
Close