Ocht bpíosa comhairle chun teacht slán as cúrsa Gaeltachta!

Seo ocht gcéim ó Michaeline Donnelly do dhuine ar bith atá ag tabhairt faoi chúrsa samhraidh sa Ghaeltacht.

1. Bí cinnte go bhfuil crios maith agat

Ag iarraidh meáchan a chailleadh?

Ná bác le haiste bia paleo, ná 5:2, ach tabhair faoi chúrsa trí seachtaine sa Ghaeltacht!

Cloch iomlán caite uait i ngach fhios duit gan stró ar bith!

Tá a fhios ag an saol mór go mbíonn an bia i roinnt de na tithe mar an gcéanna in amanna… prátaí, prátaí agus níos mó prátaí!

Ar a bharr sin, bíonn ort siúl ocht míle in aghaidh an lae GACH aon lá, chomh maith le damhsa céilí atá fuinniúil go maith

2. Boladh móna

Ba cheart go mbeadh a fhios agat anois – gach uair as seo go deo a mothaíonn tú boladh na móna, bheirfidh sé siar thú chuig na laethanta órga sin!

Cad chuige an mbíonn an tine ag dul ó dhubh go dubh i ngach teach sa Ghaeltacht gach lá i rith an tsamhraidh?

Sin rud a bheas faoi fholach diamhair go deo, ar nós cad chuige nár chuala mé fear a’ tí ar bith ag labhairt RIAMH?

3. Marbh le tae, marbh gan é

Ní dóigh liom go bhfuil an dara rogha agat agus tú sa Ghaeltacht, seachas tosú ag ól tae.

Bheadh pota ollmhór ann ar maidin, ag am lóin, ag am dinnéir agus ag am suipéir.

Bíodh a fhios agat, ní stopfaidh tú á ól tú nuair a fhillfidh tú abhaile agus ní stopfaidh tú choíche

4. Muintir na háite

Tá na miotais ar fad cloiste againn faoi mhuintir na háite, nó ‘na munchies’… níl ach leathchuid acu fíor!

Buailfidh tú leo taobh amuigh den halla ag an chéilí – seans go leanfaidh siad abhaile thú i ndiaidh an chéilí fiú! – agus, má bhíonn an t-ádh leat, seans go gcasfaidh duine deas ort mar a chasadh ormsa, mo chéad bhuachaill, nach raibh pioc Gaeilge aige.

Bhí lána spéisialta ann ina raibh mo chéad phóg agam.

Shíl mé go raibh muid dúnta i ngrá agus ag dul a bheith le chéile go deo na ndeor.

Coicís níos moille agus fuair mé amach trí mo chairde go raibh sé i ndiaidh bata agus bóthar a thabhairt dom mar gheall go raibh mé ró-‘clingy’!

Bhuel d’imigh sin agus tháinig seo…

5. Ó tharla muid ag caint ar do chéad phóg…

Agus tú sa Ghaeltacht, ceal spáis, bíonn ort a bheith ‘samhlaíoch’ maidir le háiteanna gur féidir dul le ham a chaitheamh le do ghrá gheal.

Chomh maith leis an lána clúiteach atá luaite againn cheana féin, is iomaí cúl agus cúinne a d’aimsigh lánúin óg i dTír Chonaill ina measc, ar ndóigh, taobh thiar den halla.

Phóg mé féin duine éigin agus muid inar suí ar charraig i lár goirt.

Mar a tharla sé, fuair mé amach cúpla bliain ó shin go raibh teach iomlán gasúirí ag amharc anuas orainn, agus fear a’ tí, déshúiligh ina lámh aige.

Is léir gur iomaí lánúin a shuí ar an charraig chéanna romhainn!

6. Ag éalú amach as na fuinneoga

An gá níos mó a rá ar an cheann seo?

Deasghnáth aistrithe saoil atá ann sa Ghaeltacht.

Déan cinnte ar an chéad lá go bhfuil an fhuinneog is ísle agat sa teach, nó bí ag cleachtadh na ngluaiseachtaí ióga.

Is minic an ‘downward dog’ in úsáid le linn eachtraí oíche sna Coláistí Samhraidh.

7. Cumha

Ní bhíonn a fhios agat cé chomh deas is a bhíonn cócaireacht do mhamaí go dtí go mbíonn ort na prátaí sin a ithe lá i ndiaidh lae ar feadh trí seachtaine.

Cronóidh tú do thuismitheoirí, cronóidh tú do dheartháir (a bhfuil gráin agat air de ghnáth), cronóidh tú do spás féin.

Ach an rud is mó, cronóidh tú WiFi!

Beidh tú chomh sásta le píobaire nuair an thagann an Domhnach agus ní amháin go bhfeicfidh tú do theaghlach, ach go dtabharfaidh siad amach fá choinne béile tú agus go bhfaighfidh tú blaiseadh ar do bhia is fearr arís!

8. Beir leat do chiarsúr

Níor mhothaigh tú pian ná brón riamh go dtí go raibh smeacharnach rachtúil an chéilí mhóir feicthe agat.

Mothóidh tú i ndairíre go bhfuil do chroí ag briseadh.

Bog anonn Caoineadh Airt Uí Laoghaire!

Thit tú isteach leis na daoine seo, thit tú amach leo, thit tú i ngrá leo.

Anois níl fágtha agat ach na cuimhní, na grianghraif agus an litir sin i do leabhar nótaí faoi léasáin ghoil.

Ó, agus an teacht le chéile sin atá beartaithe do Castlecourt gach Satharn i mí Lúnasa, ní tharlaíonn sé riamh ar an drochuair!

Close
Close