'Nollaig Ó Gadhra - Cuimhní Cairde’ - a oidhreacht pholaitiúil agus phearsanta

Seoladh an leabhar úr 'Nollaig Ó Gadhra - Cuimhní Cairde’ ag ócáid speisialta sa Chultúrlann i mBéal Feirste le déanaí.

Foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, agus curtha in eagar ag iníon le Nollaig, Máirín, tugann an leabhar seo leargas dúinn ar mheon Nollaig, a shaothar, agus an dea-thionchar a bhí aige ar dhaoine mar chara, iriseoir, léachtóir, staraí agus mar ghníomhaí teanga.

Cé gur rugadh Nollaig i gContae Luimnigh chaith sé an chuid is mó dá shaol ag cur faoi i nGaeltacht na Gaillimhe. 

Is beag gné den saol nár chuir sé suim ann agus bhí sé de cháil air go raibh teagmháil aige le daoine i ngar agus i gcéin.

Chaith sé sealanna ag obair le RTÉ, an nuachtán Inniu, Fáilte an Iarthair agus Gaeltarra Éireann sula ndeachaigh sé ag obair mar léachtóir i gCeardcholáiste Réigiúnach na Gaillimhe.

Chaith sé seal mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge fosta.

I measc na saothar óna láimh bhí beathaisnéisí ar Mahatma Gandhi, Éamonn Iognáid Rís, John Boyle O’Reilly, agus Richard J. Daley.

Bhí suim ar leith aige sa stair a bhain le bunú an Stáit agus cúrsaí polaitíochta ó shin, agus scríobh sé leithéid Ríocht Roinnte agus Guth an Phobail bunaithe ar an taighde sin.

Foilsíodh iliomad alt, léacht agus paimfléad leis i rith a shaoil freisin.

Fuair Nollaig bás sa bhliain 2008, ach maireann a bhean chéile, Máirín, agus a dtriúr páistí, Máirín, Daithí agus Siobhán.

Labhair Meon Eile lena iníon, Máirín, agus an leabhar in ómos dá hathair seolta go hoifigiúil.

Close
Close