'Mixtape' Kneecap seolta i mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste


Bhí dhá sheoladh spleodracha ag an tríréad hip-hop Kneecap an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste dá n-eisiúint úr '3CAG'.

Bhain Kneecap clú agus cáil amach ar dtús i mí na Nollag na bliana seo a chuaigh thart lena n-amhrán agus físeán 'C.E.A.R.T.A'. Tá os cionn 230,000 radharc ag an fhíseán sin anois idir YouTube agus Facebook agus lucht tacaíochta dílis acu féin dá bharr. Tharraing an t-amhrán aird idirnáisiúnta ar an bhanna.

Tá seacht n-amhrán ar ‘3CAG’ agus iad ar fad scríofa ag baill an ghrúpa Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí, in éineacht le leiritheoirí agus innealtóirí fuaime éasgúla.

Bunaithe ar fhíor-eachtraí agus spreagtha ag Iarthar Bhéal Feirste, is bailiuchán d'amhráin chliste agus spraíúla é an mixtape seo.

IMLÉ agus Oisín Mac a thug tacaíocht do Kneecap sa Sound House i mBaile Átha Cliath agus Abhainn Bheara a thug tacaíocht daofa sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Bhí Kneecap le feiceáil ag Féile na Gealaí agus Body & Soul cheana féin an samhradh seo ach ba iad seo na chéad seóanna dá gcuid féin ag an bhanna.

Beidh siad le feiceáil ag an fhéile SOMA i gContae an Dúin, i gCorcaigh agus ag Liú Lúnasa níos moille an samhradh seo.

Bhí na céadta i láthair ag na seoltaí mixtape agus bhí Meon Eile ina measc.

Is féidir éisteacht leis ar YouTube anseo.

Close
Close