Litir ón Oileán Úr

Litir ón Oileán Úr
Halifax, Alba Nua, Ceanada
Halifax, Alba Nua, Ceanada

Shane Ó Ruairc

Is i Halifax, príomhchathair Chúige na hAlban Nua, atáim lonnaithe le sé mhí anuas.

Cé go bhfuil an-chuid Éireannach ag teacht go Ceanada le tamall de bhlianta anuas ní anseo a thagann siad go príomha ach siar ón taobh seo tíre go cathracha ar nós Toronto, Calgary, Edmonton agus Vancouver.

Ní hionann é sin agus a rá áfach nach bhfuil cleas réasúnta mór d’Éireannaigh anseo i Nova Scotia. Go deimhin, tá na hÉireannaigh ag teacht go Nova Scotia agus go Halifax ach go háirithe le tuairim is dhá chéad bliain agus an Ghaeilge leo.

Sa chathair féin, chruinnigh na hÉireannaigh le chéile i dtús aimsire i gceantar darbh ainm Irishtown, bailiúchán de shráideanna beaga buailte leis an Atlantach.

Is cosúil go mbíodh an Ghaeilge á labhairt sa cheantar sin i gcaitheamh an naoú haois déag ach gur thit sí i léig le himeacht an chéid agus gur imigh sí ó bhéal na ndaoine go huile is go hiomlán ag tús na haoise seo caite.

Ní sin le rá go raibh deireadh leis an nGaeilge sa chúige seo.

Le breis is caoga bliain anuas tá dreamanna beaga daoine, Éireannaigh ó dhúchas a bhformhór acu ach Ceanadaigh de shliocht na hÉireann is ea cuid acu chomh maith, ag léiriú suime sa teanga athuair.

In Ollscoil Mhuire Naofa bunaíodh Roinn faoi leith do Léann na hÉireann in ochtóidí an chéid seo caite agus tá ranganna Gaeilge á gcur ar fáil do scoláirí ó shin agus éileamh maith orthu.

Seachtar déag a bhí faoi mo chúramsa roimh an Nollaig mar shampla.

Lasmuigh den suíomh Ollscoile cuireadh ciorcal comhrá le chéile fiche bliain ó shin do dhaoine idir óg is aosta ar mhaith leo an teanga a fhoghlaim i dtimpeallacht neamhfhoirmiúil.

Tá na ranganna úd ag dul ó neart go neart ó shin agus daoine, idir Éireannaigh is Cheanadaigh, ag teacht isteach ó chuile chearn den chúige go Cathair Halifax oíche Dhéardaoin le freastal orthu.

Ní hí an teanga an t-aon ghné amháin dár n-oidhreacht atá á cothú anseo in Oirthear Cheanada.

Bunaíodh club Chumann Lúthchleas Gael anseo anuraidh agus in ainneoin nach bhfuil an club ach ina thús tá na baill óga den tuairim go neartóidh sé sna blianta atá romhainn.

Táthar ag caint cheana féin ar fhoireann Pheil na mBan a chur le chéile i mbliana toisc an t-éileamh a bheith ann.

Tá an-tóir go deo ar an gceol traidisiúnta sna tithe tábhairne anseo sa chathair chomh maith.

Is cinnte mar sin go bhfuil an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann trí chéile faoi bhláth in Oirthear Cheanada i mblianta tosaigh na Mílaoise nua. Go leantar leis!

Close
Close