Lindbergh – Scéal Luchóige a d’Eitil

Rinneadh seoladh ar na mallaibh ar an leabhar do pháistí ‘Lindbergh – Scéal Luchóige a d’Eitil’ in Iarsmalann Iompair Uladh i mBéal Feirste.

Scéal é ‘Lindbergh’ a scríobh an t-údar Torben Kuhlmann ar dtús i nGearmáinis ach a chinn Myra Zepf, le cuidiú ó Andreas Vogel, aistriú go Gaeilge.

Is scéal é faoi luchóg bheag a chinneann eitilt trasna an Atlantaigh go Meiriceá agus na dúshláin uilig atá roimhe.

Sa scéal is eisean a spreag an taiscéalaí agus eitleoir Charles Lindbergh amhlaidh a dhéanamh nuair a d’eitil sé don chéad uair ó Nua-Eabhrac go Páras sa bhliain 1927.

‘Futa Fata’ faoi stiúir Thaidhg Mhic Dhonnagáin a d’fhoilsigh an leabhar.

Chomh maith le páistí ó Scoil an Droichid, Gaelscoil na bhFál agus Bunscoil Mhic Reachtáin, bhí Meon Eile i láthair.

Close
Close