'Laoch na Laochra' seolta in Ard Mhacha

Seoladh an taispeántas 'Laoch na Laochra' sa Market Place in Ard Mhacha an tseachtain seo.

Is taispeántas dáite agus bríomhar é de shraith phictiúr leis an ealaíontóir agus ceoltóir as Ard Mhacha, Dara Vallely.

Is scéal Chú Chulainn, ó bhreith go bás, atá léirithe sa phéintéireacht agus ina theannta tá téacs an scéil scríofa ag Réamonn Ó Ciaráin.

Rinneadh na pictiúirí an chéad lá d'Fhéile an Droichead agus beidh siad anois sa Market Place i gCathair Ard Mhacha go 2 Meán Fómhair.

Close
Close