Lá Chultúrtha i gCathair Ard Mhacha -oidhreacht na nGaeil a cheiliúradh

Mar chuid den Lá Cultúrtha an Fómhar seo, osclaíodh musaeim, gailearaithe, eaglaisí agus ionaid oidhreachta saor in aisce don phobal i 34 bailte éagsúla mórthimpeall an oileáin. Ba í seo an seachtú bliain don cheiliúradh. Thug Meon Eile cuairt ar chathair Ard Mhacha agus ar na himeachtaí Gaelacha a eagraíodh ann.

Le linn an lae, bhí siúlóid eolais timpeall lonnaíochtaí stariúla na nGael sa chathair idir leabharlann an Chairdinéil Tomás Ó Fiach, áit chrochta Shéamuis Mhóir Mhic Mhurchaidh, uaigh Bhrian Boróimhe, Aonach Mhacha agus Ard Eaglais Naomh Pádraig.

Istoíche, don chéad uair riamh, bhí ceolchoirm dhátheangach le Berdadette Morris agus a cairde i gCearnóg Phlás an Mhargaidh agus lean an tsiamsaíocht ina diaidh ar na sráideanna.

Seo chugaibh blaiseadh den mhéid a bhí ar fáil…

Oíche Chultúrtha Ard Mhacha / Shane Ó Curraighín
Close
Close