Gradam Ceoil TG4 Cois Cuain

Bhí scoth an cheoil le cluinstin i mBéal Feirste oíche Dhomhnaigh agus Gradam Ceoil TG4 2018 ag teacht beo ón Halla Cois Cuain.

Breis agus 1,500 duine a bhí i láthair agus duaiseanna - lámhdhéanta ag an dealbhóir cumasach John Coll - á mbronnadh ar chuid de na ceoltóirí traidisúnta is fearr dá bhfuil ann.

Ba é an chéad uair riamh do Gradam TG4 a bheith ar siúl sna Sé Chondae, agus is i mBéal Feirste a bheas na gradaim as seo go cionn ceithre bliana.

Páidí Ó Lionáird agus Gráinne McElwain a bhí mar fhear agus bean an tí don oíche.   

Is ar an cheoltóir aitheanta Frankie Gavin a bronnadh Gradam Ceoil TG4 2018.

Chomh maith le Frankie, bronnadh gradaim ar an amhránaí as Gaeltacht Mhúscraí, Máire Ní Chéilleachair, ar an cheoltóir óg as Albain Clare Friel, ar an fhliúiteadóir as Ros Comáin Patsy Hanly, ar bhanna píob The Field Marshall Montgomery agus ar an saineolaí ar thraidisiún amhrán Oirialla, Pádraigín Ní Uallacháin.

Close
Close