Grúpaí ó Choláiste Oiriall ag tabhairt aghaidhe ar a chéile i gCraobh Scléip

Beidh craobhchomórtas Scléip ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo agus go leor tallainne ag baint leis arís i mbliana.

Tugann Scléip deis do scoláirí óga na nGaelscoileanna agus scoileanna ón Ghaeltacht páirt a ghlacadh i gcomórtas gairmiúil agus siamsa a léiriú ar an ardán mór.

Bíonn go leor oibre agus ama curtha isteach acu chun bua a fháil ar stáitse náisiúnta.

Thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Oiriall i Muineachán, áit a bhfuil dhá ghrúpa ceoil, Dysania agus Có Crú, ag ullmhú don chomórtas. Is é seo an tríú uair do Dysania bheith páirteach i gCraobh Scléip, agus an chéad do Có Crú.

Cé gurb as an scoil chéanna iad beidh an dá bhanna in iomaíocht lena chéile agus amhráin nuachumtha acu beirt.

Bhí an deis againn lá a chaitheamh leo agus iad ag cleachtadh don lá mór, a bheas ar siúl in Amharclann Clasach, Cluain Tarbh, BÁC, Dé Sathairn.

Grúpaí ó Choláiste Oiriall ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCraobh Scléip
Close
Close